Marian Keyes
- Alt
- Plé
![]() (2022) ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Meán Fómhair 1963 60 bliana d'aois Luimneach, Éire ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Átha Cliath ![]() |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Dún Laoghaire ![]() |
Gairm | scríbhneoir, file dlíodóra, úrscéalaí ![]() |
Tréimhse oibre | 1993 – |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | mariankeyes.com ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Is scríbhneoir Éireannach í Marian Keyes, a rugadh ar an 10 Meán Fómhair, 1963 i Luimneach. Is í Keyes duine de na húdair is mó cáil agus díol in Éirinn. Scríobhann sí litríocht na mban, ficsean agus neamhfhicsean, 14 úrscéal san áireamh. Tá níos mó ná 30 milliún leabhar díolta aici agus aistríodh a chuid úrscéalta go 36 teanga[1].
Rugadh i Luimneach í agus chaith sí a hóige i gCabhán, i gCorcaigh, i gContae na Gaillimhe agus i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath. Tá cúigear sa teaghlach, deartháireacha Tadhg agus Niall agus deirfiúracha, Caitriona agus Rita Anne[2]. Bhain sí amach céim i ndlí agus cuntasaíocht ó Choláiste na hOllscoille BÁC, agus d'oibrigh sí i bpost riaracháin i mBaile Átha Cliath sular bhog sí go Londain sa bhliain1986[1]. Agus í ag obair i Londain sna fichidí, mar fhreastalaí agus níos déanaí i gcuntais, fuair an t-alcól greim uirthi agus chaith sí am ag teacht chuige féin san Ionad Rutland tar éis iarracht ar fhéinmharú[3][4]. Níor ghlac si ól ón bhliain 1994[5].
Thosaigh sí ag scríobh gearrscéalta i 1993. Chuir sí a scéalta chuig an teach foilsithe Poolbeg Press agus ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh sí a chéad úrscéal Watermelon i 1995[6]. Thosaigh sí ag scríobh go lánaimseartha i 1996, agus d'fhoilsigh an t-úrscéal is déanaí, Grown Ups, i mí na bhFeabhra 2020.
Scríobhann Keyes ar roinnt téama: Andúil, bás, caidrimh, dúlagar, foréigean teaghlaigh, pósadh agus tinneas san áireamh. Scríobhann sí i stíl ghreannmhar, cé go bhfuil téama dorcha á phlé aici[4]. Bíodh Marian i gcónaí oscailte faoina deacrachtaí féin leis an alcólacht agus go háirithe an dúlagar, cé go raibh tabú in Éirinn faoin meabhairghalar nuair a thosaigh sí ag scríobh sna 90di[6]. Tá cuid is mó na leabhar suite in Éirinn, ní a oiread céanna i Sasana, agus cúpla sna Stáit Aontaithe.
I 1995, pósadh í ar fear Sasanach, Tony Bairnes, agus bhog an lánúin go Baile Átha Cliath[4]. Inniu tá cónaí orthu i nDún Laoghaire, Baile Átha Cliath[2]. Oibríonn Tony, ar a dtugtar Himself[7], mar rúnaí Marian[2]. Is feimineach í Keyes agus bhí sí i bhfabhar an Reifreann faoin gComhionannas Pósadh i 2016 agus an Reifreann Aisghair an t-Ochtú Leasú i 2019[6]. Is maith léi a bheith ag léamh, bróga, malaí láimhe, agus an clár damhsa Strictly Come Dancing[3][8]. Is duine gníomhach í ar Twitter[7].
Is pátrún í den charthanas Ón Rúis le Grá (From Russia With Love), carthanas ag tabhairt aire do dhílleachtaí Rúiseach i Bryansk[9]. Thug sí cuairt ar an Aetóip leis an gcarthanas Concern (ag obair le hocras domhanda) agus thug sí airgead óna leabhar don Lucht Simon (ag obair le heaspa dídine), don charthanas Save the Children/Syria[2] agus do Chumann Naomh Uinseann de Pól (ag obair le bochtaineacht)[9]. Déanann sí urraíocht ar an nGradam Scríbhneoir Óige Marian Keyes agus bíonn sí ina ambasadóir san Ionad Scríbhneoireacht na hÉireann[10].