Grooveline
- Alt
- Plé
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil ![]() |
Gníomhaíocht | |
Seánra | Rac-cheol, func, ceol hip hap, snagcheol agus ceol traidisiúnta na hÉireann ![]() |
Is banna ceoil óg Éireannach as Liatroim iad GrooveLine. Thug siad leo an chéad áit ag comórtas ‘Beo’ sa bhliain 2018. Is iad Evan Gerry, Tarach Ó Snodaigh, Matthew Connolly, Glen Feely agus Bronwyn Kirwan atá sa bhanna. Tá fuaim faoi leith ag GrooveLine, ceol raic le hionstraimiú láidir agus teacht i láthair iontach, bríomhar le seó beo den chéad scoth ar stáitse.
“ | Is as cúlra ceoil an-éagsúil ar fad iad GrooveLine, is seisreád il-seánra iad a chumann ceol den scoth i mbealach iontach réabhlóideach agus draíochtúil le focail a chuirfidh faoi gheasa thú. Deirtear go bhfuil a dtaispeántais thar a bheith ilghnéitheach, ag nascadh rac-cheol le séis-cheol eile chun taispeántas beo thar a bheith taitneamhach a chur le chéile —Hot Press Magazine | ” |
Bhí ar lucht Whelan's, BÁC, gig de chuid GrooveLine in 2022 a athlonnú toisc éileamh ró-mhór a bheith ar na ticéid.[1]
Thuil an t-amhrán Deis Dall ainmniúcháin do GhrooveLine ag Gradaim NÓS 2020 sna catagóirí Amhrán na Bliana agus Ealaín na Bliana araon.[2] Tá ainmniúcháin faighte acu freisin i gcomhair an teidil mar Nuíosach na Bliana.[3][2]