Tuilsce
Baile beag i gContae Ros Comáin is ea Tuilsce[1] (Tulsk as Béarla).
Tuilsce | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae Ros Comáin | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 60 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1414425 |
Tá sé suite san áit a dtrasnaíonn an bóthar N61 an príomhbhóthar náisiúnta N4, agus é ag rith idir an N3 sa Longfort agus Cathair na Mart, Contae Mhaigh Eo. 19km ó dheas ar an N62 uaidh tá Baile Ros Comáin, agus tá an dara baile is mó sa chontae, Mainistir na Búille, 24km ó thuaidh ó Thuilsce ar an mbóthar céanna. Tá pleananna ann faoi láthair chun seachród timpeall an bhaile a chur leis an N4.
Is é Tuilsce an baile is cóngaraí don tsuíomh fhinscéalach seandálaíochta Ráth Cruacháin, áit a raibh cónaí ar an mBanríon Méabh (Maeve, Medb) agus Muireagán (Morrigan), agus is ansin a thosnaíonn imeachtaí Tháin Bó Cuailgne, príomhthéacs na Rúraíochta, a d'aistrigh Thomas Kinsella go Béarla. Tá leagan giorraithe den scéal ar fáil i Nua-Ghaeilge sa leabhar úd Laochas le Séamas Ó Searcaigh.