Tove Jansson
Úrscéalaí, péintéir agus maisitheoir leabhar as Heilsincí ba ea Tove Marika Jansson, scríbhneoir Sualainnise as an bhFionlainn (9 Lúnasa 1914 – 27 Meitheamh 2001). Scríobh sí scór leabhar do pháistí, cúig úrscéal agus sé chnuasach gearrscéalta do dhaoine fásta, agus roinnt saothar beathaisnéiseach.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/05/Tove_Jansson_1923.jpg/184px-Tove_Jansson_1923.jpg)
Saothar
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/6/68/Tove_Jansson_1956b.jpg)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/62/Tove_Jansson_with_flower_crown_001.tiff/lossy-page1-184px-Tove_Jansson_with_flower_crown_001.tiff.jpg)
Scríobh Jansson sraith pictiúrleabhar chlúiteach do pháistí, na Moomins. Foilsíodh iad in 1945-1970. Is i Sualainnis a foilsíodh ar dtús iad agus tá siad aistrithe go breis agus 40 teanga. . Sa bhreis ar na naoi n-úrscéal, bhí leabhair phictiúr scríofa agus maisithe ag Tove Jansson agus a deartháir, Lars Jansson.
Ina cuid scríbhneoireachta do dhaoine fásta, tugann Jansson tús áite ach don duine aonair agus a chroí.[1] Tugann an bailiúchán The Woman Who Borrowed Memories léargas maith ar a saothar.[2]
Saol
Dealbhóir a bhí i máthair Tove Jansson.
Chaith Jansson nach mór chuile shamhradh dá saol in oileánra Pellinge, amach ó chósta theas na Fionlainne, rud a d'imir tionchar mór ar a saothar níos déanaí.
Sn\ 1960idí, thóg Jansson agus an bhean ar chaith sí an chuid is mó dá saol ina teannta, an t-amharcealaíontóir Tuulikki Pietilä, thóg siad teach ar sceir bheag i bhfad amach ón gcósta (in Pellinki). Teach cearnógach a bhí ann agus bhí fuinneog amháin i ngach balla, radharc ar an bhfarraige acu ar an gceithre thaobh.[3]
Leabhair
Úrscéalta
- Sommarboken (1972, The Summer Book),[4] scéal seanmhná a bhfuil a cuimhne ag dul i léig agus a gariníon sé bliana d’aois, a chaitheann samhradh i dteannta a chéile ar oileán beag bídeach i Murascaill na Fionlainne. Ní leabhar é seo a scríobhadh go sonrach do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu.[5][6]
- Solstaden (1974, Sun City)
- Den ärliga bedragaren (1982, The True Deceiver)
- Stenåkern (1984, The Field of Stones)
- Rent spel (1989, Fair Play)[7]
Gearrscéalta
- Bildhuggarens dotter (1968, Sculptor's Daughter)
- Lyssnerskan (1971, The Listener)
- Dockskåpet och andra berättelser (1978, lit. "The Doll's House and Other Stories", aistrithe Art in Nature)
- Resa med lätt bagage (1987, Travelling Light)
- Brev från Klara och andra berättelser (1991, Letters from Klara and Other Stories)
- Meddelande. Noveller i urval 1971–1997 (1998 compilation, Messages: Selected Stories 1971–1997)
- A Winter Book (Sort of Books, 2006). ó Sculptor's Daughter, Messages, The Listener, Letters from Klara, agus Traveling Light.
- The Woman Who Borrowed Memories (New York Review Books, 2014). ó The Listener, The Doll's House, Traveling Light, Letters from Klara, agus Messages.[8]