Thomas Cole
Péintéir Meiriceánach as Sasana ab ea Thomas Cole (1 Feabhra 1801 - 11 Feabhra 1848) a raibh clú air as a chuid tírphictiúr agus péintéireachtaí staire. Aithnítear é mar bhunaitheoir an Hudson River School,[1][2] gluaiseacht ealaíne Meiriceánach a bhí i réim i lár na 1800idí. Saintréith shaothar Cole ná an léiriú rómánsach ar fhásach agus ar dhúlra Mheiriceá.[3]
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Feabhra 1801 Bolton, England ![]() |
Bás | 11 Feabhra 1848 47 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York ![]() |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Péintéireacht |
Suíomh oibre | Steubenville Philadelphia Nua-Eabhrac Pittsburgh ![]() |
Gairm | péintéir, déantóir priontaí ![]() |
Seánra | Ealaín tírdhreacha |
Gluaiseacht | Hudson River school (en) ![]() |
Mac/iníon léinn | Frederic Edwin Church |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Siblín | Sarah Cole |
![]() ![]() ![]() ![]() |
Luathshaol agus oideachas
Rugadh Cole in Bolton le Moors, Lancashire, sa bhliain 1801,[4] Chuaigh Cole ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe in éineacht lena theaghlach sa bhliain 1818. Chuir siad fúthu in Steubenville, Ohio. In aois a 22 bliain, thug sé aghaidh ar Philadelphia agus ní ba dhéanaí, sa bhliain 1825, ar Catskill, Nua-Eabhrac. D'fhan sé ina chónaí in Catskill lena bhean chéile agus a gcuid bpáistí go dtí a bhás sa bhliain 1848.[5]
Fuair Cole obair mar ghreanadóir ar dtús. Bhí sé féin-oilte mar phéintéir.
Tagairtí
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/74/Thomas_Cole_-_A_View_of_the_Two_Lakes_and_Mountain_House%2C_Catskill_Mountains%2C_Morning_%281844%29_-_Google_Art_Project.jpg/220px-Thomas_Cole_-_A_View_of_the_Two_Lakes_and_Mountain_House%2C_Catskill_Mountains%2C_Morning_%281844%29_-_Google_Art_Project.jpg)