Taoiseach

ceannaire ar rialtas na hÉireann
(Athsheolta ó Thaoiseach)

In Éirinn inniu, is é an Taoiseach (Taoisigh an uimhir iolra) ceannaire rialtaispríomh-aire Phoblacht na hÉireann. Sa stair, thugtaí taoiseach ar cheannaire treibhe (mar shampla GeronimoVercingetorix), nó go ginearálta, ar an té a bhí i gceannas.

Infotaula de càrrec políticTaoiseach
SealbhóirSimon Harris
ó 9 Aibreán 2024
CónaitheSteward's Lodge (en) Aistrigh
Ceaptha agUachtarán na hÉireann
DlínseÉire
InstitiúidRoinn an Taoisigh
StáitÉire
Sainordú5 bliain
Cruthú29 Nollaig 1937
IonadaíTánaiste
Liostalist of Taoisigh (en) Aistrigh
Suíomhgov.ie…
Leo Varadkar, Taoiseach na hÉireann faoi láthair.

Seanteideal Gaelach é taoiseach, a chiallaíonn "tiarna" nó "ceannaire". I Stair na hÉireann bhíodh an taoiseach ina ionadaí dá ríocht nuair a bhíodh gnóthaí aige leis na treibheacha eile, chomh maith le bheith i gceannas ar a mhuintir i bpáirc an áir.

An Taoiseach mar cheannaire rialtais in Éirinn

Is é an tUachtarán atá freagrach as Taoiseach a cheapadh ar mholadh Dáil Éireann. Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais bheith ina mbaill de Dháil Éireann. Sa Dáil, freagraíonn an Taoiseach ceisteanna maidir leis an pholaitíocht, le polasaithe nó le hábhair áirithe a bhaineann lena Roinn féin.

Is é Leo Varadkar, TD, ceannaire pháirtí Fhine Gael, Taoiseach na hÉireann faoi láthair.

Taoisigh na hÉireann idir 1919 agus an lá inniu

UimhAn TaoiseachÓGo dtíPáirtí
1Cathal Brugha21 Eanáir 19191 Aibreán 1919Sinn Féin
2Éamon de Valera1 Aibreán 19199 Eanáir 1922Sinn Féin
3Art Ó Gríofa10 Eanáir 192212 Lúnasa 1922Sinn Féin
4Mícheál Ó Coileáin16 Eanáir 192222 Lúnasa 1922Sinn Féin
5Liam Tomás Mac Cosgair22 Lúnasa 19229 Márta 1932Cumann na nGaedheal
(2)Éamon de Valera9 Márta 193218 Feabhra 1948Fianna Fáil
6Seán A Mac Coisdealbha18 Feabhra 194813 Meitheamh 1951Fine Gael
(2)Éamon de Valera13 Meitheamh 19512 Meitheamh 1954Fianna Fáil
(6)Seán A Mac Coisdealbha2 Meitheamh 195420 Márta 1957Fine Gael
(2)Éamon de Valera20 Márta 195723 Meitheamh 1959Fianna Fáil
7Seán F. Lemass23 Meitheamh 195910 Samhain 1966Fianna Fáil
8Seán Ó Loingsigh10 Samhain 196614 Márta 1973Fianna Fáil
9Liam Mac Cosgair14 Márta 19735 Iúil 1977Fine Gael
(8)Seán Ó Loingsigh5 Iúil 197711 Nollaig 1979Fianna Fáil
10Cathal Ó hEochaidh11 Nollaig 197930 Meitheamh 1981Fianna Fáil
11Gearóid Mac Gearailt30 Meitheamh 19819 Márta 1982Fine Gael
(10)Cathal Ó hEochaidh9 Márta 198214 Nollaig 1982Fianna Fáil
(11)Gearóid Mac Gearailt14 Nollaig 198210 Márta 1987Fine Gael
(10)Cathal Ó hEochaidh10 Márta 198711 Feabhra 1992Fianna Fáil
12Ailbhe Mac Raghnaill11 Feabhra 199215 Nollaig 1994Fianna Fáil
13Seán de Briotún15 Nollaig 199426 Meitheamh 1997Fine Gael
14Parthalán Ó hEachthairn26 Meitheamh 19976 Bealtaine 2008Fianna Fáil
15Brian Ó Comhain7 Bealtaine 20089 Márta 2011Fianna Fáil
16Éanna Ó Coinnigh9 Márta 201114 Meitheamh 2017Fine Gael
17Leo Varadkar14 Meitheamh 201727 Meitheamh 2020Fine Gael
18Mícheál Ó Máirtín27 Meitheamh 2020Nollaig 2022Fianna Fáil
19Leo VaradkarNollaig 2022anoisFine Gael

Tabhair faoi deara gurb i 1937 a cuireadh tús leis an teideal 'Taoiseach' don té a bhí i gceannas ar an rialtas. Ba é an Príomhaire a bhí mar cheann rialtais sa Chéad Dáil. I 1921, déanadh Uachtarán Phoblacht na hÉireann de Eamon de Valera. Bhí Mícheál Ó Coileáin ina Chathaoirleach ar Rialtas Sealadach na hÉireann. De réir Bhunreacht Shaorstát Éireann, an teideal a bhí ar cheann an rialtais ná Uachtarán na hArdchomhairle. Mar sin, níl sé go huile is go hiomlán ceart an teideal 'Taoiseach' a bhronnadh ar gach duine a bhí i gceannas na rialtas éagsúil in Éirinn roimh dhaingniú Bhunreacht na hÉireann i 1937.

Taoisigh eile

Naisc sheachtracha