Is plaisteach í teireataláit phoileitiléine í Teireataláit phoileitiléine (TTP) (uaireanta scríofa mar teireataláit phoileitiléine), giorraithe go coitianta TPE (nó PET sa Bhéarla). Is é í an roisín polaiméirteirmeaplaisteach is coitianta de chuid na bpoileistear agus úsáidtear í i snáithíní le haghaidh éadaí, coimeádán i gcomhair leachtanna agus bianna, teirmidheilbhithe déantúsaíochta, agus i gcomhcheangal le snáithín gloine le haghaidh roisíní innealtóireachta.
D'féadtar an t-ainm branda Dacron nó Terylene a bheith uirthi;[1] nó, sa Rúis agus san iar-Aontas Sóivéadach, Lavsan.
Bíonn an chuid is mó de tháirgeadh TTP an domhain le haghaidh snáithíní sintéiseacha (níos mó ná 60%), agus le táirgeadh buidéal thart ar 30% den éileamh domhanda.[2]I gcomhthéacs feidhmeannana na dteicstílí, tagraíonn go coitianta do TTP mar phoileistear, cé go mbaintear úsáid as an acrainm TTP i gcoitinne maidir le pacáistiú. Is thart ar 18% de tháirgeadh polaiméire an domhain é poileisteat agus is é an ceathrú polaiméir is mó táirgthe; Is iad poileitiléin (PE), polapróipiléin (PP) agus clóiríd pholaivinile (CPV) an chéad, an dara agus an tríú, faoi seach.