Sorcha Richardson
Is amhránaí agus cumadóir Éireannach as Baile Átha Cliath í Sorcha Richardson (a rugadh 22 Meán Fómhair 1990 ).[1][2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1990 33/34 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | The New School ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, cumadóir ![]() |
Tréimhse oibre | 2012 – |
Teangacha | Béarla |
Suíomh gréasáin | sorcharichardson.com ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Go luath ina saol
Tógadh Sorcha Richardson i nDeilginis, Baile Átha Cliath. Bhunaigh sí a céad bhanna le cairde scoile agus í 10 mbliana d'aois.[3]
Chuaigh sí go Brooklyn chun freastal ar The New School i Nua Eabhrac. Rinne sí staidéar ar an scríbhneoireacht chruthaitheach agus í ann.[4]
Gairm
D'fhill Richardson ar ais go Baile Átha Cliath sa bhliain 2017.[5] Sheinn sí ag an Féile Longitude sa bhliain 2018 agus ainmníodh í ar liosta Rising Artists de chuid RTÉ 2FM, agus d’oibrigh sí leis an mbanna ceoil Éireannach All Tvvins.[6]
Eisíodh a céad albam First Prize Bravery (leis an téama 'ag láimhseáil cairdeas agus caidreamh') sa bhliain 2019 agus ainmníodh í don Choice Music Prize.[7] Chomhoibrigh sí le Soulé agus Elaine Mai ar an amhrán Butterflies in 2019 mar chuid den bhfeachtas Made by Music ag Three Ireland.[8] Sheinn sí ag féile Other Voices sa bhliain 2019.[9]
Fógraíodh go mbeidh a dara halbam Smiling Like an Idiot eisithe aici ar 23 Meán Fómhair 2022.[10]
Dioscliosta
EPanna
- Sleep Will Set Me Free (2012)
- Last Train (2013)
- isolation home recordings (2020)
Albam stiúideo
- First Prize Bravery (2019)
- Smiling Like An Idiot (2022)