Seach-chonair croí is scamhóg
Gaireas chun obair caidéalaithe an chroí a ghlacadh ón gcroí féin agus obair riospráide na scamhóg a ghlacadh ó na scamhóga chun gur féidir an croí a stopadh le haghaidh obráide air (mar shampla, chun comhla saorga a ionphlandú in ionad comhla fhabhtaigh). Úsáidtear caidéil chun an fhuil a thiomáint trí phíobáin, déanta as plaistigh ar leith, agus meaisín ocsaiginithe chun ocsaigin a chur isteach sa bhfuil roimh í a chaidéalú isteach sa cholainn chun dé-ocsaíd charbóin a bhaint aisti nuair a fhilleann sí ón gcolainn. Scagtar an fhuil, agus coinnítear ag teocht oiriúnach an t-am ar fad is í ag taisteal tríd an meaisín, go minic ar feadh uaireanta an chloig.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCatagóir:Comhlachtaí teicneolaíochtaAn tAontas SóivéadachStáit Aontaithe MheiriceáSpeisialta:RecentChangesAn Dara Cogadh DomhandaAn VicipéidSpeisialta:SearchVicipéid:Séanadh ginearáltaRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannMickey Mouse (sraith scannán)Iarracht Donald Trump a fheallmharúÉireVicipéid:CabhairSouth Park: Bigger, Longer & UncutCatagóir:Lucht CLGVicipéid:Cúrsaí reathaVicipéid:Lárionad comhphobailAlbainNeamhord pearsantachtaAn SpáinnAn BastilleAn GhaeilgeHarrison FordVicipéid:Halla baileDustin HoffmanSpeisialta:MyContributionsVicíSpike LeeCamarúnInternational Standard Serial NumberCharlotte RamplingWill Smith617Kate WinsletJude LawTuatha na GaelRoberto BenigniJeremy Irons