Scléaróis chliathánach amatrófach
Galar is ea scléaróis chliathánach amatrófach (SCA), ar a dtugtar galar néarón luadrach (GNL) nó galar Lou Gehrig, is cúis le bás néarón (.i. galar néaraimheathlúcháin) a rialaíonn matáin dheonacha. [1] [2] Úsáideann roinnt daoine an téarma galar néarón luadrach freisin le haghaidh grúpa riochtaí arb é GNL an ceann is coitianta díobh. Úsáideann cuid acu an téarma galar néaróin mótair do ghrúpa riochtaí arb é SCA an ceann is coitianta díobh. [3] Bíonn; matáin righin, matáin ag bíogadh (.i. birtíneacht), agus laige ag dul in olcas de réir a chéile mar gheall ar matáin ag laghdú i méid (.i. seargadh matánach dromlaigh), ina chomhartha sóirt ag SCA. [3] Féadfaidh sí tosú le laige sna géaga nó sna cosa, nó le deacracht ag labhairt nó ag slogadh . [4] Forbraíonn thart ar leath de na daoine lena mbaineann deacrachtaí éadroma ar a laghad le smaointeoireacht agus iompar agus bíonn pian ag formhór na ndaoine. [5] [6] Ar deireadh thiar caillfidh an chuid is mó an cumas chun siúl, a lámha a úsáid, labhairt, slogadh, agus análú . [7]
Níl an chúis ar eolas i 90% go 95% de na cásanna, [1] ach creidtear go bhfuil idir fachtóirí géiniteacha agus comhshaoil i gceist léi. [8] Faightear an 5-10% eile de na cásanna le hoidhreacht ó thuismitheoirí an duine. [9] Tá thart ar leath de na cásanna géiniteacha seo mar gheall ar cheann amháin de dhá ghéin ar leith. [1] Baineann an mheicníocht bhunúsach le damáiste do néaróin mótair uachtaracha agus íochtaracha araon. [3] Tá an diagnóis bunaithe ar chomharthaí duine, agus déantar tástáil chun cúiseanna féideartha eile a chur as an áireamh. [1]
Níl aon leigheas ar eolas. [1] Is é sprioc na cóireála ná comharthaí a fheabhsú. [5] Féadfaidh cógas ar a dtugtar riluzole síneadh a chur leis an saol thart ar dhá nó trí mhí. [10] D’fhéadfadh cáilíocht níos fearr agus fad saoil a bheith mar thoradh ar aeráil mheicniúil neamh-ionrach . [7] Is féidir le haeráil mheicniúil maireachtáil a fhadú ach ní stopann sé dul chun cinn galair. [11] D'fhéadfadh feadán beathaithe cabhrú leis.[12] Is féidir leis an ngalar dul i bhfeidhm ar dhaoine d’aois ar bith, ach de ghnáth tosaíonn sé thart ar 60 bliain d’aois agus i gcásanna oidhreachta thart ar 50 bliain d’aois [9] Is é an meánseans fadsaoil ó thús go bás ná dhá nó ceithre bliana, cé go bhféadfadh sé seo a bheith éagsúil, agus maireann thart ar 10% níos faide ná 10 mbliana. [7] [13] [1] Faigheann a bhformhór bás de bharr teip riospráide. [9] San Eoraip, bíonn tionchar ag an ngalar ar thart ar bheirt nó triúr in aghaidh gach 100,000 in aghaidh na bliana. [14] Níl na rátaí i gcuid mhór den domhan soiléir. [15] Sna Stáit Aontaithe, tá sé níos coitianta i ndaoine geala ná daoine gorma . [16]
Téann tuairiscí ar an ngalar siar go dtí 1824 ar a laghad le Charles Bell . [17] Sa bhliain 1869, rinne Jean-Martin Charcot cur síos ar an gceangal idir na hairíonna agus na bunfhadhbanna néareolaíocha, a thosaigh i 1874 ag baint úsáide as an téarma sclérose latérale amyotrophique (scléaróis chliathánach amatrófach). [17] Tháinig sí chun bheith ar eolas go maith sna Stáit Aontaithe sa 20ú haois nuair a chuir sí isteach ar an imreoir daorchluiche Lou Gehrig i 1939 agus níos déanaí ar fud an domhain tar éis diagnóis 1963 an chosmeolaí Stephen Hawking . [18] [19] Thángthas ar an gcéad ghéin SCA i 1993 agus forbraíodh an chéad mhúnla ainmhithe i 1994. [20] [21] Sa bhliain 2014, chuaigh físeáin den Dúshlán Buicéad Oighear víreasach ar an Idirlíon agus mhéadaigh feasacht an phobail ar an riocht. [22]