Scailtín
deoch thraidisiúnta Ghaelach a bhfuil uisce beatha te agus comhábhair éagsúla eile inti
Scailtín a thugtar ar dheoch thraidisiúnta Ghaelach a bhfuil uisce beatha te agus comhábhair éagsúla eile inti. Seo mar a dhéantaí scailtín de réir mar a d'inis Seán Bán Mac Meanman (An Dara Mám, lch. 381):
Cineál | deoch mheisciúil, warm alcoholic drink (en) agus whiskey cocktail (en) |
---|
- Scailtín an t-ainm a bhí ar íocshláinte na gcarróirí agus seo mar a nítí í; chuirtí im úr gan salann i ngogán nó i gcrúiscín, chuirtí siúcra loiscthe anuas ar an im, biotáilte bhracha is uisce galach ar a mhullach sin; d'fhágtaí ar chladach na tineadh é tamall beag sula ranntaí é.
- nítí: ghnítí, is é sin dhéantaí
- ranntaí: roinntí
Hot whiskey a thugtar ar an deoch seo as Béarla agus uaireanta feictear "fuiscí te" nó leaganacha cosúla sa Ghaeilge féin in aithris ar an mBéarla. Is dócha nach bhfuil mórán difríochta idir an scailtín agus an deoch ar a dtugtar puins. Go praiticiúil bíonn miondifríochtaí idir na hoidis éagsúla agus ainm ar leith ag dul le hoideas ar leith go minic. Mar shampla is minic a chuirtear slisne liomóide leis an deoch seo inniu, agus ar ndóigh tá siad ann a deir nach é an scailtín traidisiúnta é a thuilleadh.
Tagairtí
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachSpeisialta:RecentChangesSpeisialta:SearchStáit Aontaithe MheiriceáAn Dara Cogadh DomhandaVicipéid:Séanadh ginearáltaAirgeadraVicipéid:Cúrsaí reathaSouth Park: Bigger, Longer & UncutRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:Lárionad comhphobailAn VicipéidÉire (Poblacht na hÉireann)UEFA Euro 2024Vicipéid:CabhairCairistìona NicFhearghaisAn GhaeilgeVicipéid:Halla baileGerard ter BorchÍomhá:Application-certificate.svgLíomhánAlonso Pérez de Guzmán, 7ú Diúc Medina SidoniaLá BloomAn tAontas EorpachDaoine gealaVicipéid:RéamhráAn LibiaMediaWiki800COVID-19Stáisiún an Láir Béal FeirsteThe Reluctant Dragon (scannán)Saoradh na ngiall i Nuseirat agus damáiste comhthaobhach, 2024Baile Átha CliathIarnród Thuaisceart ÉireannShah Rukh KhanEdelweiss