Scéal

Is éard is scéal ann ná cuntas ar bith ar shraith imeachtaí gaolmhara,[1] neamhfhicseanúil (cuimhní cinn, beathaisnéis, tuairisc nuachta, clár faisnéise, cuntas taistil, srl.) nó ficseanúil (finscéal, síscéal, fabhalscéal, úrscéal, scéinséir, srl.). Is féidir scéalta a chur i láthair trí fhocail scríofa nó labhartha, trí íomhá shocair nó scannán, nó trí mheascán de na meáin seo.

Is é an seanchas béil an modh is luaithe chun scéalta a roinnt.[2] Úsáidtear scéalta chun iompar ceart, stair chultúrtha, agus féiniúlacht phobail a mhúineadh do dhaoine óga. San antraipeolaíocht sa lá atá inniu ann, déantar staidéar ar na bealaí a úsáideann pobail bhundúchasacha thraidisiúnta an seanchas agus an scéalaíocht.[3]

Tagairtí