San Proinsias Assisi
bráthair agus naomh Iodálach; bunaitheoir Ord na bProinsiasach
Ba naomh é Giovanni di Pietro Bernardone nó Proinsias Assisi (as Laidin Franciscus de Assisi) (1181 nó 1182 - 3 Deireadh Fómhair 1226).
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/82/Francisbyelgreco.jpg/220px-Francisbyelgreco.jpg)
Rugadh San Proinsias in Assisi na hIodáile. Bhí a mhuintir saibhir dó ach theastaigh ó Phroinsias bheith chomh bocht le hÍosa. Dá bharr sin, d'fhág sé a theaghlach agus an saibhreas agus chuaigh sé chun cónaí leis féin sna coillte timpeall ar Assisi. Chreid sé gur le Dia gach aon ní ar domhan. Dúirt sé gur deartháir leis gach ainmhí beo agus gur deirfiúracha leis na réaltaí sa spéir. Thug sé moladh do Dhia i gcóir gach ní timpeall air. Bhunaigh sé ord rialta na bPrionsiasach.
Is é Proinsias naomh pátrúin na n-ainmhithe agus na timpeallachta.
Is é an 4 Deireadh Fómhair a lá féile.
Paidir San Proinsias
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/49/Francesco_-_Fioretti%2C_1476-1479_-_1571894_if00284200_Scan00003.jpg/220px-Francesco_-_Fioretti%2C_1476-1479_-_1571894_if00284200_Scan00003.jpg)
- Déan gléas chun síochána díom
- id láimh, a Thiarna
- San áit a bhfuil fuath
- go gcuire mé an grá
- San áit a bhfuil ciontacht
- go gcuire mé pardún
- San áit a bhfuil coimhlint
- go gcuire mé aontú
- In áit na hearráide
- go gcuire mé an fhírinne
- In áit na doircheachta
- go gcuire mé creideamh
- San áit in a bhfuil fulaingt
- go gcuire mé lúcháir
- A Thiarna, deonaigh a spreagadh dhom
- sólas a thabhairt
- seachtas sólas a fháil
- dul i dtuiscint ar dhaoine
- seachas go dtuigfí mé féin
- Grá a roinnt ar dhaoine
- seachas grá fháil uathu
- Mar is le linn dúinn tabhairt
- a fhaighimid féin
- Is le linn dúinn pardún a thabhairt
- a mhaitear dúinn
- Is le linn dúinn bás a fháil
- a théimid i seilbh na beatha síoraí.
Tagairtí
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachSpeisialta:RecentChangesSpeisialta:SearchStáit Aontaithe MheiriceáAn Dara Cogadh DomhandaVicipéid:Séanadh ginearáltaAirgeadraVicipéid:Cúrsaí reathaSouth Park: Bigger, Longer & UncutRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:Lárionad comhphobailAn VicipéidÉire (Poblacht na hÉireann)UEFA Euro 2024Vicipéid:CabhairCairistìona NicFhearghaisAn GhaeilgeVicipéid:Halla baileGerard ter BorchÍomhá:Application-certificate.svgLíomhánAlonso Pérez de Guzmán, 7ú Diúc Medina SidoniaLá BloomAn tAontas EorpachDaoine gealaVicipéid:RéamhráAn LibiaMediaWiki800COVID-19Stáisiún an Láir Béal FeirsteThe Reluctant Dragon (scannán)Saoradh na ngiall i Nuseirat agus damáiste comhthaobhach, 2024Baile Átha CliathIarnród Thuaisceart ÉireannShah Rukh KhanEdelweiss