Séireolaíocht

Brainse den mhíochaine ina ndéantar anailísiú ar shéiream, ar thóir fianaise ar ionfhabhtú trí antasubstaintí nó miocrorgánaigh a bhrath.

SARS-CoV-2 agus tástáil shéireolaíoch

Déantar tástáil shéireolaíoch nó tástáil antasubstainte uaireanta ar shampla fola ó dhuine. I gcás mar shampla,[1] Covid-19, is cosúil go n-inseoidh an tástáil fola má bhí Covid-19 ort agus é curtha díot agat. Má bhí, meastar go mbeidh imdhíonacht éigin agat go ceann tamaill ar an ngalar.[2]

Tagairtí