Ríomhshábháilteacht

(Athsheolta ó Sábháilteacht ar líne)

Ciallaíonn sábháilteacht ar líne[1]ríomhshábháilteacht go bhfuil an t-eolas ag duine chun na rioscaí féideartha a shainaithint agus go bhfuil duine feasach ar a shlándáil phearsanta fad is atá sé nó sí ag brabhsáil, ag comhroinnt nó ag scimeáil an idirlín.[2][3] Táthar imníoch ó tháinig an t-idirlíon ar an bhfód an chéad lá riamh go gcothaíonn algartaim áirithe iompar diúltach agus antoisceach den uile chineál, go háirithe i measc daoine óga.[4]

píoráideacht

Reachtaíocht

Tháinig an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha[5] i bhfeidhm in Éirinn ar an 16 Feabhra 2024,[6] le cúramaí Choimisiún na Meán mar chomhordaitheoir ar sheirbhísí digiteacha. Cúram reachtúil í seo, mar chuid den Acht um Sheirbhísí Digiteacha de chuid an AE.

Bhí fiosrúcháin ar bun ag an Aontas Eorpach sa bhliain 2024 faoin gcur chuige ag TikTok and Meta; bhí an chaoi a dtéann algartaim an dá ollchomhlacht sin i gcion ar dhaoine ar cheann de ghnéithe an fhiosrúcháin.[4]Chuir Coimisiún na Meán an Cód Sábháilteachta Ar Líne faoi bhráid an Choimsiúin Eorpaigh i mí na Bealtaine 2024. Ní foláir do gach comhlacht meán sóisialta daoine óga a chosaint ar ábhar urchóideach atá sainithe sa chód, lena n-áirítear ábhar a chothaíonn féindíobháil, féinmharú, neamhord itheacháin, cibearbhulaíocht, pornagrafaíocht, agus foréigean (go háirithe foréigean ar son an spóirt). Féadfar fíneáil suas le €20 milliún a ghearradh ar aon chomhlacht a shárós an cód.[4]

Ach níl halgartaim na gcomhlachtaí curtha san áireamh sa Chód Sábháilteachta, agus níl Comhairle um Chearta an Duine in Éirinn sásta faoi sin.

Dea-chleachtas

Tá sé chomh riachtanach i saol an lae inniu sábháilteacht ar líne a phlé agus a theagasc is atá sábháilteacht ar na bóithre nó ón strainséir a thairgeann milseán  do pháiste.[7][8]

Tugtar comhairle do dhaoine óga gan aon cheo a chur ar líne nach mbeidís compordach dá bhfeicfeadh gach éinne é. Ach san éigeandáil, is fiú fios a bheith ag tuismitheoirí go bhfuil seirbhísí ann atá ábalta pictiúir áirithe a bhaint anuas den idirlíon go buan.[7]

Cibearbhulaíocht

Is éard is cibearbhulaíocht ann ná tromaíocht a dhéantar ar dhaoine ar an idirlíon.

Féach freisin

Naisc sheachtracha

  • ·An tAcht um Shábháilteacht Ar Líne agus um Rialáil Meáin, 2022[9]
  • Cuirtear an leabhrán GET WITH IT! Treoir maidir le cibearbhulaíocht (pdf)[10]
  • hotline.ie[11] agus bhileog "Keeping Safe Online"
  • Insafe / Líonra Eorpach um Shábhailteacht Idirlín[12] (European Internet Safety Network)
  • Nód Éireannach um Fheasacht Sábháilteacht Idirlín / Irish Internet Safety Awareness Node
  • Oifig um Shábháilteacht Idirlín (Office for Internet Safety). Chun sábháilteacht ar an idirlíon a chur chun cinn, go háirithe i ndáil le pornagrafaíocht leanaí a chomhrac[3]

Tagairtí