Ron DeSantis
Polaiteoir Meiriceánach agus gobharnóir Florida is ea Ron DeSantis (a rugadh ar 14 Meán Fómhair 1978 i Florida). Is ball den Pháirtí Poblachtach é, pobalóir agus i bhfad amach ar an eite dheis.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/ba/Ron_DeSantis_US_Navy_Ensign.webp/220px-Ron_DeSantis_US_Navy_Ensign.webp.png)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c4/Ron_DeSantis_Twitter_profile_picture_as_of_2021-09-22.jpg/220px-Ron_DeSantis_Twitter_profile_picture_as_of_2021-09-22.jpg)
Gairm
Toghadh DeSantis chun Comhdháil na Stát Aontaithe don chéad uair sa bhliain 2012.
Toghadh DeSantis mar Ghobharnóir Florida don chéad uair sa bhliain 2018.
Sna toghcháin in 2022, d’éirigh thar cionn leis. Bhí a phost coinnithe go héasca aige agus bail mhaith air dá mbuailfeadh fonn é tabhairt faoi ainmniúchán na bPoblachtánach don uachtaránacht in 2024.[1][2]Ar 23 Bealtaine 2023, chaith DeSantis a hata san áireamh i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Phobhlachtánaigh chun iarrthóir uachtaránachta a roghnú. Bhí sé ag iarraidh an fógra a dhéanamh beo ar Twitter, le chéile le Elon Musk,. Ach tharla fadhbanna móra teicniúla agus rinneadh praiseach de. D’éirigh príomhinnealtór Twitter as a phost an lá dá gcionn.[3]
Ar 23 Bealtaine 2023, chaith DeSantis a hata san áireamh i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Phobhlachtánaigh chun iarrthóir uachtaránachta a roghnú. Bhí sé ag iarraidh an fógra a dhéanamh beo ar Twitter, le chéile le Elon Musk,. Ach tharla fadhbanna móra teicniúla agus rinneadh praiseach de. D’éirigh príomhinnealtór Twitter as a phost an lá dá gcionn.[3][4] Thug an eachtra ar fad deis do Donald Trump a bheith ag fonóid tuilleadh faoi DeSantis.[5]
In 2024, d’éirigh DeSantis as an rás go dtí an Teach Bán i ndiaidh Iowa agus thug a bheannacht do Trump mar iarrthóir.[6]
Polasaithe
Tá mana glic ag DeSantis, 'Make America Florida'[7] agus '"Make America Great Again" (MAGA) ag Trump. ‘MAGA without the mess’ a deir daoine an bunús atá le feachtas DeSantis. Polasaithe Trump gan na deacrachtaí a bhaineann le Trump mar iarrthóir.[5]
Tá leathnú cearta gunna, maoiniú a bhaint de scéimeanna éagsúlachta agus cosc ar leabhair áirithe (i réimse an ghnéasoideachais) luaite ag DeSantis mar pholasaithe dá chlár rialtais. Is laoch de i measc na gcoimeádach agus bithiúnach i measc forásaithe.[3]