Robert Erskine Childers
- Alt
- Plé
Tools
General
Priontáil/easpórtáil
I dtionscadail eile
Údar agus náisiúnaí Éireannach ab ea (Robert) Erskine Childers (25 Meitheamh 1870 - 24 Samhain 1922), a thóg lastas de ghunnaí agus armlón i dtír faoi cheilt i mBinn Éadairar an mbád Asgard, chun chur i gcoinne na nÓglach Uladh. Cuireadh chun báis é ag rialtas nua an tSaorstáit le linn Chogadh Cathartha na hÉireann.
Mac an fhir léinn Sasanaigh Robert Caesar Childers a bhí ann, col ceathrar le Hugh Childers agus Robert Barton, agus bhí a mhac Erskine Hamilton Childers ar cheathrú Uachtarán na hÉireann.
Tháinig Robert Erskine Childers chun saoil i Mayfair Londain, an dara mac a saolaíodh i gclann de bhunadh Angla-Éireannacha. Cailleadh a athair agus é ina bhuachaill sé bliana d'aois agus seoladh na leanaí go léir go áras na mBartons i nGleann Dá Loch in Éirinn.
Cothaíodh féiniúlacht Éireannach sa bhuachaill óg agus Gael go smior a bhí ann as seo amach, cé go raibh sé mar chuid den Chinsealacht Phrotastúnach.
Throid Childers sa Chogadh Boer.
Sa bhliain 1914, thóg Childers airm chuig Éirinn ina bhád, airm a úsáideadh i rith Éirí Amach na Cásca i 1916.
Throid Childers i gCogadh na Saoirse in Éirinn agus i gCogadh Cathartha na hÉireann, cogadh ina maraíodh é.
D'ionadaigh Childers Éire i gComhdháil Síochána Versailles, tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
Bhí Childers i láthair i Londain i rith plé an Chonartha Angla-Éireannaigh. Ach bhí sé dian ina choinne agus bhí sé ar thaobh na bhfrith-chonratheoirí sa Chogadh Cathartha.
In Eanáir 1922, d'éirigh Childers ina eagarthóir ar Phoblacht na hÉireann, bileog nuachta phoblachtach. Tugadh nuacht faoi eachtraí laethúla an Chogaidh Chathartha ó dhearcadh poblachtach. Ní gá a rá nár thaitin an bolscaireacht leis an Saorstát ar chor ar bith.
Cuireadh Childers chun báis tar éis do chúirt mhíleata é a chiontú i seilbh ar arm tine gan cheadúnas (ina chás-sa, piostal leath-uathoibríoch amháin).[1] Rinneadh cion báis de trí Rún um Chumhachtaí Éigeandála an Airm ar ghlac an Dáil leis roinnt míonna roimhe sin.
Rinne a dhlíodóirí tréaniarracht cruthú nach raibh an dlínse chuí ag an gcúirt mhíleata inar cuireadh Childers ar a thriail. Dhiúltaigh Máistir na Rollaí Cathal Ó Conchúir d'iarratas ar eascaire habeas corpus ar son Childers, toisc go raibh staid chogaidh ann agus, mar sin, ní raibh aon dlínse ag na cúirteanna sibhialta ar gníomhartha an airm i gcaitheamh na cogaíochta.
Ina theannta sin, bhí conspóid ar leith ag baint le bású Childers toisc gur cuireadh chun báis é as seilbh mhídhleathach ar phiostal leath-uathoibríoch de chalabra beag in áit a bhí geall lena bheith ina áras teaghlaigh.
Ar an 24 Samhain 1922, cuireadh Childers agus ochtar eile chun báis cé go rabhthas ag fanacht le hachomharc i gcoinne bhreithiúnas Mháistir na Rollaí.
Lámhachadh é, gníomh a bhain stangadh as an bpobal ag an am.
De réir an rialtais, ní raibh ann ach bolscaire, ach bhí Childers i mbéal an phobail.
Scríobh sé an t-úrscéal The Riddle of the Sands.