Phil Hogan
Is polaiteoir Éireannaché Phil Hogan, as Cill Chainnigh ó dhúchas. Tá sé ina bhall d'Fhine Gael.
Aire rialtas
Bhí Hogan ina Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ó 2011 go dtí 2014.[1] D’fhógair an t-aire sa bhliain 2013 go gcuirfí tús le lonnú méadar uisce taobh amuigh de thithe in 2013, agus go ngearrfaí táillí ó 2014.[2]
Theip go dona ar a phlean. Dúirt Hogan i 2014 nár thuigeadar cé chomh goilliúnach gortaithe a bhí daoine faoi chiorruithe agus táillí uisce agus maoine agus ciorruithe eile déine.[3]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/db/160531_Informal_Meeting_Ministers_of_Agriculture_Informal_Meeting_of_EU_Ministers_of_Agriculture_%2826766297963%29.jpg/220px-160531_Informal_Meeting_Ministers_of_Agriculture_Informal_Meeting_of_EU_Ministers_of_Agriculture_%2826766297963%29.jpg)
Coimisinéir Eorpach
Bhí Hogan ina Choimisinéir Eorpach um Talmhaíocht agus Forbairt Tuaithe idir 2014 agus 2019, faoi stiúir Jean-Claude Juncker.[4]
Sa bhliain 2019, ceapadh mar Choimisinéir Trádála é faoi stiúir Ursula von der Leyen.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/79/Phil_Hogan_%2836847304983%29.jpg/220px-Phil_Hogan_%2836847304983%29.jpg)
An bhliain dár gcionn, bhí Hogan éirithe as a phost mar Choimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh mar gheall ar an gconspóid faoin gcuairt a thug sé ar Éirinn i Lúnasa 2020[5]. Dúradh gur sháraigh sé treoirlínte Covid-19 an Rialtais nuair a bhí sé in Éirinn.