Pas (tonnghluaisne)
I dtonnghluaisne ar mhinicíocht amháin, an codán de thimthriall a bhíonn críochnaithe ag athróg ama sa chás go gcomhfhreagraíonn timthriall iomlán do 2 π (rad). Mar mhalairt, argóint feidhme a chuireann síos ar thonnghluaisne. Is ionann an phasdifríocht (i rad) agus an oiread is atá tonn amháin chun tosaigh nó chun deiridh ar thonn eile. Nuair is ionann an phasdifríocht le 0 nó 2 π, bíonn na tonnta sin i gcomhphas, ach nuair is ionann le π í, bíonn na tonnta sin i bhfrithphas. Is athrú pais é pasaistriú cosúil lena dtarlaíonn i bhfrithchaitheamh (mar shampla, maidir le solas, tarlaíonn pasaistriú de π le frithchaitheamh i scáthán). Má bhíonn dhá thonn le pasdifríocht thairiseach eatarthu, deirtear go bhfuil siad comhleanúnach.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachSpeisialta:RecentChangesSpeisialta:SearchStáit Aontaithe MheiriceáAn Dara Cogadh DomhandaVicipéid:Séanadh ginearáltaAirgeadraVicipéid:Cúrsaí reathaSouth Park: Bigger, Longer & UncutRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:Lárionad comhphobailAn VicipéidÉire (Poblacht na hÉireann)UEFA Euro 2024Vicipéid:CabhairCairistìona NicFhearghaisAn GhaeilgeVicipéid:Halla baileGerard ter BorchÍomhá:Application-certificate.svgLíomhánAlonso Pérez de Guzmán, 7ú Diúc Medina SidoniaLá BloomAn tAontas EorpachDaoine gealaVicipéid:RéamhráAn LibiaMediaWiki800COVID-19Stáisiún an Láir Béal FeirsteThe Reluctant Dragon (scannán)Saoradh na ngiall i Nuseirat agus damáiste comhthaobhach, 2024Baile Átha CliathIarnród Thuaisceart ÉireannShah Rukh KhanEdelweiss