Pádraig Ó Donnagáin
- Alt
- Plé
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Deireadh Fómhair 1923 Mainistir Bhuithe, Éire |
Bás | 26 Samhain 2000 77 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Teachta Dála | |
5 Iúil 1977 – 21 Bealtaine 1981 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 21ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1977 | |
An tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide | |
2 Nollaig 1976 – 5 Iúil 1977 ← Thomas J. Fitzpatrick – Brian Pádraig Ó Luineacháin → | |
Teachta Dála | |
14 Márta 1973 – 25 Bealtaine 1977 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 20ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1973 | |
Aire Cosanta | |
14 Márta 1973 – 2 Nollaig 1976 ← Jerry Cronin – Liam Mac Cosgair → | |
Teachta Dála | |
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 19ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1969 | |
Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Éire 29 Eanáir 1968 – 1 Meán Fómhair 1969 | |
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Éire 24 Aibreán 1967 – 1 Eanáir 1968 | |
Teachta Dála | |
21 Aibreán 1965 – 21 Bealtaine 1969 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 18ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1965 | |
Teachta Dála | |
11 Deireadh Fómhair 1961 – 11 Márta 1965 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 17ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1961 | |
Seanadóir na hÉireann | |
22 Bealtaine 1957 – 1 Meán Fómhair 1961 Téarma parlaiminte: 9ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Talmhaíochta | |
Teachta Dála | |
2 Meitheamh 1954 – 13 Nollaig 1956 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 15ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1954 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Chaisleán Cnucha |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, feirmeoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
Éireannach de Pháirtí Fhine Gael ab ea Pádraig Sáirséal Ó Donnagáin (nó i mBéarla, Patrick Sarsfield (Paddy) Donegan) (29 Deireadh Fómhair 1923 - 26 Samhain 2000).
Toghadh Ó Donnagáin don chéad uair san olltoghchán sa bhliain 1954 mar Theachta Dála do dháilcheantar Chontae Lú. Chaill sé a shuíochán ag an gcéad olltoghchán eile ach d'éirigh leis arís sa bhliain 1961 agus toghadh é i ngach olltoghchán ó shin go dtí 1977. D'éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 1981.
Ceapadh mar Aire Cosanta i gcomhrialtas 1973 é (idir Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre).
Bhí an Dálach an-choinsiasach agus é ag comhlíonadh a dhualgas mar Uachtarán, rud a chuir lena aighneas leis an Rialtas (Fine Gael / Lucht Oibre) agus lena éirí as sa bhliain 1976.[1]
I Meán Fómhair 1976, cuireadh Bille Cumhachtaí Práinne[2] ina láthair le síniú. Ach shocraigh sé an tAcht Cumhachtaí Práinne a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí lena chuid bunreachtúlachta a thastáil, agus é ag iarraidh cearta an tsaoránaigh a chosaint.
Ba é breithiúnas na Cúirte ná nach raibh an tAcht ar neamhréir leis an mBunreacht agus ar an 18 Deireadh Fómhair 1976, shínigh Ó Dálaigh é.
Trí lá níos déanaí, ag ócáid airm i nDún Columb, Muileann gCearr, thug Aire Cosanta an Chomhrialtais, Paddy Donegan (Fine Gael) masla dó. Chuir sé ina leith "Thundering disgrace" (nó i bhfad níos graosta).[3] An rud is tábhachtaí agus is measa, bhí an tAire ag labhairt os comhair oifigeach Airm na hÉireann i Muileann gCearr.
Sáraíodh rún Dála ag an bhfreasúr ag iarraidh go n-éireodh an tAire (a ghabh a leithscéal idir an dá linn) as a phost, ar an 21 Deireadh Fómhair.[4]
An 22 Deireadh Fómhair 1976, d'éirigh Ó Dálaigh as oifig mar uachtarán nuair nár ghlac an Taoiseach, Liam Mac Cosgair, le héirí as oifig Donegan. Dúirt an Dálach gurbh é "an t-aon bhealach le mo chuid ionracais agus neamhspleáchais pearsanta féin mar Uachtarán na hÉireann a dhearbhú agus le dínit agus neamhspleáchas na huachtaránachta mar institiúid a chosaint".[5]
Ceapadh Pádraig Ó Donnagáin mar Aire na Talún ag deireadh na bliana 1976.
Teachtaí Dála an 21ú Dáil | |
---|---|
Fianna Fáil (83) | Aighleart · Ahern · Allen · D Andrews · N Andrews · Barrett · G Brady · V Brady · Briscoe · Brosnan · S Browne · Burke · Callanan · Calleary · Cogan · Collins · Conaghan · Connolly · Cowen · Crinion · Cronin · Daly · Davern · S de Valera · V de Valera · Doherty · Fahey · Farrell · Filgate · Fitzgerald · Fitzpatrick · Fitzsimons · Flynn · Fox · French · D Gallagher · J Gallagher · Geoghegan-Quinn · J Gibbons · Herbert · Hussey · Keegan · Kenneally · Killeen · Killilea · Lalor · Lemass · J Leonard · T Leonard · Leyden · Loughnane · Mac Raghnaill · Mac Riabhaigh · Mac Searraigh · Mac Uilliam · McEllistrim · Meaney · Molloy · Moore · Morley · Murphy · Nolan · Noonan · Ó Colla · O'Connor · O'Donoghue · Ó hEachthairn · Ó hEochaidh · O'Hanlon · O'Kennedy · O'Leary · Ó Leathlobhair · Ó Loingsigh · Ó Luineacháin · Ó Máille · Power · J Walsh · S Walsh · Woods · Wyse |
Fine Gael (45) | de Barra · R Barry · M Barry · Begley · L Belton · Boland · J Burke · L Burke · Byrne · Clinton · Collins · Conlon · Cosgrave · Creed · Crotty · D'Arcy · de Briotún · Deasy · Donegan · Donnellan · Enright · Fitzpatrick · Flanagan · Gilhawley · Griffin · Harte · Hegarty · Keating · Kelly · L'Estrange · Mac Cosgair · Mac Gearailt · Mannion · McMahon · Mitchell · F O'Brien · W O'Brien · Ó Coinnigh · T O'Donnell · O'Keeffe · R Ryan · Taylor · Timmins · White |
Páirtí an Lucht Oibre (15) | |
Fianna Fáil Neamhspleách (1) | |
Neamhspleáigh (3) |