P. J. Ruttledge
Polaiteoir Éireannach ab ea Patrick J. Ruttledge (1892 - 8 Bealtaine, 1952).
Saol
Rugadh sé i gContae Mhaigh Eo, i mBéal an Átha , agus fuair sé a chuid oideachais i scoil Naomh Éanna a bhí á reáchtáil ag Pádraig Mac Piarais. D'fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide, i mBaile Átha Cliath freisin. Ina dhiaidh sin, d'oibrigh sé mar aturnae ina bhaile dúchais.
Polaitíocht
Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus throid sé san IRA le linn chogadh na saoirse. Toghadh sé chuig Dáil Éireann den chéad uair i 1921 mar TD de chuid Shinn Féin do Mhaigh Eo Thuaidh agus Thiar. Chuir sé in aghaidh Chonradh Angla-Éireannach i 1921 agus chuaigh sé isteach sna fórsaí Poblachtacha. Gortaíodh sé go dona le linn an Chogaidh Chathartha. Atoghadh sé chun na Dála arís i 1923 do Mhaigh Eo Thuaidh agus i ndeich dtoghchán eile go dtí 1951. I 1926, bhí Ruttledge ina bhall de bhunaitheoirí Fhianna Fáil. Bhí sé ina Aire i roinnt rialtas in Éirinn. Bhí sé ina aire don Dlí agus Cirt idir 1933 agus 1939.
- Comhad faisnéise míleata ar Thomas Maguire ó Arm na Breataine Móire