Ba bhan-aisteoir Sasanach í Natasha Richardson. Bhain sí cáil amach ar stáitse le drámaí cosúil le Cabaret agus clú idirnáisiúnta amach as scannáin cosúil le The Parent Trap agus Maid in Manhattan. Chuidigh sí na milliúin dollar a bhailiú ar son charthanachtaí AIDS.
Bhí sí pósta ar an aisteoir ÉireannachLiam Neeson ó bhí 1994 ann agus bhí beirt mhac acu, Micheál agus Daniel. Fuair Natasha Richardson, a bhí ceathracha a cúig bliain d’aois, bás in ospidéal i Nua-Eabhrac i 2009, i ndiaidh drochghortú a fuair sí sa gcloigeann i dtimpiste sciála i gCeanada.