Nagorno-Karabakh
Is réigiún suite sa Chugas Theas é An Nagarna-Carabaic, nó Nagorno-Karabakh (nó Artsakh mar a thugann na hAirméanaigh ar an réigiún), a chlúdaíonn an stráice thoir theas de shliabhraon na Cugaise Bige. Cuid den réigiún is mó den Charabaic, luíonn sé idir an Charabaic Íochtarach agus Siunic. Is éard atá sa tír-raon go príomha ná sléibhte agus talamh faoi chrainn.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
Լեռնային Ղարաբաղ (hy) Dağlıq Qarabağ (az) ![]() | |||||
![]() ![]() | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 148,000 (2019) ![]() | ||||
• Dlús | 33.61 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Karabakh (en) ![]() ![]() | ||||
Achar dromchla | 4,402.979787 km² ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Bhí daonra 146,573 ann sa bhliain 2013, agus iamhchríoch Airméanach ba ea í go dtí 2023
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/21/Nagorno-Karabakh_conflict_map_%28pre-2020%29.png/220px-Nagorno-Karabakh_conflict_map_%28pre-2020%29.png)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/9c/2023_Azerbaijani_attacks_on_Nagorno-Karabakh%2C_Artsakh.jpg/220px-2023_Azerbaijani_attacks_on_Nagorno-Karabakh%2C_Artsakh.jpg)
Stair
Is críoch a bhfuil easaontas ann An Nagarna-Carabaic, a aithnítear go hidirnáisiúnta mar chuid den Asarbaiseáin.[1][2]
Bhí an chuid is mó den chríoch á rialú ag 'Poblacht easaontach na hArtsakh', ar a dtugtar Poblacht Nagarna-Carabaic (PNC) freisin - ó dheireadh an chéad Chogaidh Nagarna-Carabaic idir an Airméin agus an Asarbaiseáin i 1994. Rinne an Grúpa OSCE Minsk idirghabháil orthu maidir le stádas díospóide an réigiúin.[3]
Idir 27 Meán Fómhair 2020 - 10 Samhain 2020, ghabh fórsaí armtha ón Asarbaiseáin seilbh ar chuid den réigiún.[4] Maraíodh cúpla míle nó níos mó.[5]
Idir 2022-2023, bhí an réigiún nach mór faoi léigear ag na hAsaraigh agus bhí muintir na háite ar an ngannchuid dá bhíthin ar aon chuma. Ó mhí na Samhna 2022, cuireadh isteach go mór ar ghluaiseacht rialta daoine, feithiclí agus lastais. Cuireadh saol 120 000 Airméanach, a bhí fós ina gcónaí sa Nagarna-Carabaic ag an am sin, i mbaol. Cuireadh bac ar a rochtain ar sholáthairtí úra agus ar shaorghluaiseacht, agus ciorraíodh a soláthairtí gáis agus leictreachais. Ón 12 Nollaig 2022 ar aghaidh, bhí Conair Lachin, an t-aon nasc talún idir an Nagarna-Carabaic agus Poblacht na hAirméine, blocáilte, a bheag nó a mhór, ag an Asarbaiseáin.[6]
I mhí Meán Fómhair 2023, thosaigh an cogadh arís agus ghabh fórsaí armtha ón Asarbaiseáin seilbh go hiomlán ar Nagorno-Karabakh.[7][8] Cuireadh an ruaig ar na hAirméanaigh ar fad a bhí fós ina gcónaí sa Nagarna-Carabaic.