Na Gaibhlte
Sliabhraon i gContae Luimnigh agus i gContae Thiobraid Árann is ea na Gaibhlte (Galty Mountains i mBéarla).
Cineál | Sliabhraon ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Éire ![]() | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 919 m ![]() | |||
Pointe is airde | Cnoc Mór na nGaibhlte ![]() ![]() | |||
Is dócha gur Sléibhte na gCoillte is bun den ainm na Gaibhlte i nGaeilge an lae inniu.
Tá an sliabhraon suite i Machaire Méith na Mumhan.
Tá an Gleann Eatharlaí go díreach lastuaidh díobh idir na Gaibhlte agus Sliabh na Muc. Laistiar de na Gaibhlte atá an Sliabh Riabhach agus Sléibhte Bhealach Abhra.
Na sléibhte sna Gaibhlte
Seo iad sin na sléibhte is airde sna Gaibhlte:
- Cnoc Mór na nGaibhlte (nó Gaibhlte Mór, i mBéarla: Galtymore nó Galteemore, 919 m),
- Ladhar an Chapaill (i mBéarla: Lyracappul, 825 m),
- Carraig na Binne (i mBéarla: Carrignabinnia, 822 m),
- An Grianán (i mBéarla: Greenane, 802 m),
- Cnoc Beag na nGaibhlte (nó Gaibhlte Beag, i mBéarla: Galtybeg nó Galteebeg, 799 m),
- Cnoc an Teampaill (i mBéarla: Temple Hill, 785 m),
- An Grianán Thiar (i mBéarla: Greenane West, 786 m),
- Sliabh Chois na Binne (i mBéarla: Slievecushnabinnia, 766 m).
- Cnoc an Tairbh (i mBéarla: Knockaterriff, 692 m),
- Cnoc an Tairbh Beag (i mBéarla: Knockaterriff Beg, 679 m),
- Cois (na Binne) (i mBéarla: Cush, 639 m),
- An Grianán Thoir (i mBéarla: Greenane East, 631 m),
- Móin Bhreac (i mBéarla: Monabrack, 629 m).
- Cnoicín na Tuinne (i mBéarla: Knockeenatoung, 601 m).
Lochanna Coire
Tá roinnt lochanna coire sna Gaibhlte:
- Loch Mhúscraí (nó Loch Bhéal Dragain mar a dúradh fadó) in aice leis an nGrianán,
- Loch Curra agus
- Loch Bóithrín ar fhána an Chnoic Mhóir.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4a/Commons-logo.svg/30px-Commons-logo.svg.png)
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimediaa bhaineann le: Na Gaibhlte.
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCatagóir:Comhlachtaí teicneolaíochtaAn tAontas SóivéadachStáit Aontaithe MheiriceáSpeisialta:RecentChangesAn Dara Cogadh DomhandaAn VicipéidSpeisialta:SearchVicipéid:Séanadh ginearáltaRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannMickey Mouse (sraith scannán)Iarracht Donald Trump a fheallmharúÉireVicipéid:CabhairSouth Park: Bigger, Longer & UncutCatagóir:Lucht CLGVicipéid:Cúrsaí reathaVicipéid:Lárionad comhphobailAlbainNeamhord pearsantachtaAn SpáinnAn BastilleAn GhaeilgeHarrison FordVicipéid:Halla baileDustin HoffmanSpeisialta:MyContributionsVicíSpike LeeCamarúnInternational Standard Serial NumberCharlotte RamplingWill Smith617Kate WinsletJude LawTuatha na GaelRoberto BenigniJeremy Irons