Meitreo Mhaidrid
Is córas traenach faoi thalamh é Meitreo Mhaidrid (Spáinnis: Metro de Madrid), 293km fad agus an 14ú córas is faide ar domhan. Tá 1,705 staighre beo agus 529 ardaitheoir sa chóras.
Tiomáineann traenacha an meitreo ar thaobh clé na ráillí mar thiomáin trácht i Maidrid ar an taobh clé roimh an mbliain 1924, cúig bliana i ndiaidh oscailt an chórais.
Oibríonn na traenacha ó 6r.n. go dtí a dó a chlog ar maidin gach lá. Níor fhan sé oscailte na 24 huair ach amháin i rith World Pride 2017 agus i rith na stoirme shneachta i 2021.
D'oscail córas tram, darbh ainm Metro Ligero ("meitreo éadrom") sa bhliain 2007. Oibríonn an córas comaitéireachta "Cercanías" in éineacht leis an meitreo.
Léarscáil an chórais
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c1/Madrid_Metro_Map.svg/452px-Madrid_Metro_Map.svg.png)
Línte
Tá 302 stáisiún ann agus 12 líne.
Líne | Cinn Scríbe | Fad | Uimh.. Stáisiúin | Tomhsaire Traenach | Rothstoc |
---|---|---|---|---|---|
![]() | Pinar de Chamartín - Valdecarros | 23.876 km | 33 | Caol | CAF s. 2000A |
![]() | Cuatro Caminos - Las Rosas | 14.031 km | 20 | CAF s. 3000 | |
![]() | Moncloa - Villaverde Alto | 16.424 km | 18 | CAF s. 3000 | |
![]() | Argüelles - Pinar de Chamartín | 16.0 km | 23 | CAF s. 3000 | |
![]() | Alameda de Osuna - Casa de Campo | 23.217 km | 32 | CAF s. 2000A & 2000B CAF s. 3000 | |
![]() | Circular (ciorclach) | 23.472 km | 28 | Leathan | CAF s. 5000 CAF s. 8400 |
![]() | Pitis - Estadio Metropolitano - Hospital de Henares | 32.919 km | 31 | AnsaldoBreda s. 9000 | |
![]() | Nuevos Ministerios - Aeropuerto T4 | 16.467 km | 8 | CAF s. 8000 | |
![]() | Paco de Lucía - Puerta de Arganda - Arganda del Rey | 39.5 km | 29 | CAF s. 5000 AnsaldoBreda s. 7000 & 9000CAF s. 6000 (TFM) | |
![]() | Hospital Infanta Sofía - Tres Olivos - Puerta del Sur | 36.514 km | 31 | AnsaldoBreda s. 7000 & 9000 CAF s. 8000 | |
![]() | Plaza Elíptica - La Fortuna | 8.5 km | 7 | CAF s. 8000 | |
![]() | MetroSur (ciorclach) | 40.96 km | 28 | CAF s. 8000 AnsaldoBreda s. 9000 | |
![]() | Ópera - Príncipe Pío | 1.092 km | 2 | Caol | CAF s. 3000 |
![]() | Pinar de Chamartín - Las Tablas | 5.395 km | 13 | Tram | Alstom Citadis 302 |
![]() | Colonía Jardín - Estación de Aravaca | 8.680 km | 16 | ||
![]() | Colonía Jardín - Puerta de Boadilla | 13.699 km | 15 | ||
![]() | Tram Parla (ciorclach) | 8.3 km | 15 |
Táillí
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/91/Zonas_Abono_Transportes_Madrid.svg/220px-Zonas_Abono_Transportes_Madrid.svg.png)
Tá an chuid is mó den meitreo istigh i zón A.
Úsáistear cárta iompar poiblí (Tarjeta Multi) chun ticéid a lódáil. Cosnaíonn sé €2.50 ag na meaisín ticéid a bhliain 2022.
Is féidir ticéad singil a cheannach, idir €1.50 agus €2. €1.50 i zón A don chéad 5 stáisiún agus 10 ceint le haghaidh gach stáisiún ina dhiaidh, le huasmhéid €2 le níos mó ná 10 stáisiún. Is féidir 10 dticéad a cheannaigh a chosnaíonn €12.20 atá níos saoire ná ticéad amháin a cheannach. Tá na ticéid seo bailí ar na busanna freisin.
Tá pas míosúil ar fáil. Taispeántar na praghsanna sa bhliain 2022 sa tábla thíos:
Pas/ Zón | A | B1 | B2 | B3 | C1 | C2 | E1 | E2 |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Gnáth | €54.60 | €63.70 | €72 | €82 | €82 | €82 | €110.60 | €131.80 |
Daoine óga (7-25) | €20 | |||||||
Pinsinéirí (>65) | €3.30 | - | - |
Síntí don chóras
Tá roinnt síntí pleanáilte.
Líne 3
Tá sé deimhnithe líne a 3 a shíneadh ó Villaverde Alto sa deisceart go dtí El Casar i Getafe. Beidh ceangal ann le líne 12 (MetroSur) agus líne C-3 den Cercanías. Tosaíonn na hoibreacha tús 2022.
Líne 5
Tá plean ag Comhphobal Mhaidrid líne a 5 a shíneadh go dtí Aeropuerto T1-T2-T3, áit a bheidh ceangal leis an aerfort agus líne a 8.
Líne 11
Cuirfear tús le hoibreacha chun líne a 11 a shíneadh sa dara leath de 2022, Plaza Elíptica, go dtí Valdebebas i dtuaisceart na cathrach. Tógfar an chéad chuid ó Plaza Elíptica go dtí Conde de Casal roimh 2024. Beidh dhá stáisiún nua ann: Comillas agus Madrid Río, agus beidh ceangal le líne a trí i Palos de la Frontera, le líne a sé i gConde de Casal agus le líne 1 agus Cercanías in Atocha. Beidh síneadh ann chomh maith go Cuatro Vientos, áit a bheidh ceangal ann le líne 10 agus Cercanías.