Sa bhitheolaíocht, is líonra tríthoiseach í an mhaitrís eachtarcheallach (MEC) atá comhdhéanta de mhacramóilíní agus mianraí eachtarcheallacha, mar shampla collaigin, einsímí, gliceapróitéiní agus hiodrocsapaitít a sholáthraíonn tacaíocht struchtúrach agus bithcheimiceach do na cealla máguaird.[1][2] Toisc gur tháinig ilcheallacht chun cinn go neamhspleách i ginealaigh éagsúla ilcheallacha, athraíonn comhdhéanamh MEC idir struchtúir ilcheallacha; áfach, is feidhmeanna coitianta den MEC iad cillghreamaitheacht, cumarsáid agus difreáil ó chill go cill.[3]
Sna hainmhithe, airítear leis an mhaitrís eachtarcheallach an an mhaitrís scáineach agus an scannán bunaidh.[4] Tá maitrís scáineach i láthair idir cealla ainmhithe éagsúla (.i. sna spásanna idircheallacha). Líonann glóthacha polaisiúicríde agus próitéiní snáithíneacha an spás scáineach agus gníomhaíonn siad mar mhaolaire comhbhrú i gcoinne an struis a chuirtear ar an MEC.[5] Is éard atá i scannáin bunaidh ná deascaidh de MEC ar a bhfuil cealla eipitéiliacha éagsúla. In ainmhithe, tá cineál MEC ag gach cineál fíocháin tacaíochta: cuimsíonn snáithíní collaigine agus mianraí cnámh an MEC d' fhíochán cnámh; cuimsíonn snáithíní mogallacha agus bonnsubstaintían MEC d' fhíochán scaoilte ; agus is é fuilphlasma an MEC fna fola.