Kate McKinnon

fuirseoir agus ban-aisteoir Meiriceánach

Fuirseoir agus ban-aisteoir Meiriceánach is ea Kathryn McKinnon BertholdKate McKinnon, an t-ainm a úsáideann sí ina saol gairmiúil, a rugadh ar 6 Eanáir 1984[1][2][3] Aithnítear í thar aon ní eile as a cuid sceitsí grinn ar na cláracha teilifíse Saturday Night Live agus The Big Gay Sketch Show.[4] Rinne sí páirt an Dr. Jillian Holtzmann insan athdhéanamh a rinneadh sa bhliain 2016 den scannán Ghostbusters.

Infotaula de personaKate McKinnon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Eanáir 1984
40 bliana d'aois
Sea Cliff, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Columbia
North Shore High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAisteoireacht agus scríbhneoireacht scannán
Gairmaisteoir scannáin, polaiteoir, ban-aisteoir, aisteoir gutha, aisteoir teilifíse, fuirseoir, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2007 –
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0571952 Allocine: 681577 Rottentomatoes: celebrity/kate_mckinnon Allmovie: p505852 TCM: 12862918%7C0
Musicbrainz: 71f2530c-8dff-467f-9331-3ae60fb0890e Discogs: 3649554 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá clú uirthi mar gheall ar a cuid saothair le carachtair [5] agus a cuid aithrisí ar dhaoine cáiliúla.[6] Aithnítear í as na haithrisí atá déanta aici ar phop-amhránaí Justin Bieber, fuirseoir agus bean an tí teilifíse Ellen DeGeneres,[7] agus polaiteoir Hillary Clinton.[7][8] Ainmníodh í do cheithre Primetime Emmys, trí cinn díobh mar shár-bhanaisteoir taca i sraith ghrinn—as a bhfuair sí ceann amháin sa bhliain 2016—agus ceann ar son ceoil agus liricí bunúsacha.

A luathshaol

Rugadh agus tógadh Kate McKinnon Berthold in Sea Cliff, New York.[1][9] Is iníon le Laura Campbell, oideachasóir tuismitheoirí, agus Michael Thomas Berthold, ailtire í.[10][11][12] Tá deirfiúr níos óige aici darbh ainm Emily.[1][12] Fuair a hathair bás nuair a bhí sí 18 bliana d'aois.[1][11]

Tagairtí