Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts
Institiúid teicneolaíochta agus ollscoil phríobháideach Mheiriceánach is ea an Massachusetts Institute of Technology, a bhfuil aithne níos fearr uirthi ar fud an domhain faoina acrainm MIT. Bunaíodh í sa bhliain 1861 i Cambridge, Massachusetts, chun forbairt thionsclaíoch SAM a threisiú. Tá 63 duais Nobel bainte ag taighdeoirí ó MIT.
Is ann a bhunaigh Nicolas Negroponte an Media Lab i 1985, tionscnamh a leathnaíodh go hÉirinn le bunú Media Lab Europe i mBaile Átha Cliath i 2001 i gcomhar le rialtas na hÉireann. Theip ar an tionscnamh seo agus dúnadh é in Eanáir 2005.
Tá páirt thábhachtach ag go leor de na taighdeoirí is na mic léinn i ngluaiseacht na mbogearraí saor in aisce. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag daoine ar nós Richard Stallman mar gheall ar an obair seo.
Naisc Sheachtracha
Tagairtí
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/fb/Great_Dome%2C_Massachusetts_Institute_of_Technology%2C_Cambridge_MA.jpg/250px-Great_Dome%2C_Massachusetts_Institute_of_Technology%2C_Cambridge_MA.jpg)