Idirdhealú dearfach

Is éard is idirdhealú dearfach ann ná polasaithe a chuirtear i bhfeidhm i dtíortha éagsúla ar mhaithe le grúpaí mionlaigh, imeallaithe, nó daoine faoi mhíbhuntáiste.[1][2][3][4][5] Go stairiúil agus go hidirnáisiúnta, tugtar tacaíocht don idirdhealú dearfach toisc go gcreidtear go gcabhraíonn sé le grúpaí imeallaithe cothrom na Féinne a bhaint amach i gcúrsaí fostaíochta agus oideachais, go gcuireann sé éagsúlacht chun cinn, agus go dtugann sé buntáistí do bhaill de na grúpaí seo mar chúiteamh ar éagóracha a bhí déanta orthu.

Faightear polasaithe difriúla ó áit go háit. I dtíortha áirithe, baintear úsáid as cuótaí chun céatadán áirithe de phostanna státseirbhíse, ceapacháin pholaitíochta, agus folúntais scoile a choinneáil do bhaill de ghrúpaí imeallaithe. Is é seo an polasaí san India, mar shampla, faoin chóras áirithinte.

Tagairtí