Teoiricí polaitíochta agus iriseoir Gearmánach, dá tugadh saoránacht Mheiriceánach, ab ea Hannah Arendt, nó Johanna Arendt mar a tugadh uirthi nuair a rugadh í. Do rugadh Arendt i Linden, baile atá ina chuid den gcathair Hannover anois, ar an 14ú lá de Dheireadh Fómhair sa mbliain 1906 agus do fuair sí bás i gcathair Nua-Eabhrach, ar an 4ú lá de Mhí na Nollag sa mbliain 1975.
Hannah Arendt![](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/cd/Hannah_Arendt_auf_dem_1._Kulturkritikerkongress%2C_Barbara_Niggl_Radloff%2C_FM-2019-1-5-9-16_%28cropped%29.jpg/228px-Hannah_Arendt_auf_dem_1._Kulturkritikerkongress%2C_Barbara_Niggl_Radloff%2C_FM-2019-1-5-9-16_%28cropped%29.jpg) (1958) ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
|
Breith | (de) Johanna Arendt 14 Deireadh Fómhair 1906 Lindener Marktplatz 2, Hannover (Impireacht na Gearmáine) |
---|
Bás | 4 Nollaig 1975 69 bliana d'aois Upper West Side, New York (en) ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
---|
Áit adhlactha | Bard College Cemetery (en) ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
|
|
|
|
|
|
Reiligiún | An Giúdachas |
---|
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Marburg - fealsúnacht (1924–1926) Ollscoil Humboldt Bheirlín (1922–1923) Ollscoil Freiburg Ollscoil Heidelberg - dochtúireacht ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
Céim acadúil | céim dochtúireachta |
---|
Áit chónaithe | Hannover Nua-Eabhrac Marburg Heidelberg |
---|
Teanga dhúchais | an Ghearmáinis |
---|
|
Réimse oibre | Fealsúnacht pholaitiúil, fealsúnacht chomhaimseartha, fealsúnacht, diagacht Phrotastúnach, Greek studies (en) agus ollsmachtachas |
---|
Gairm | fealsamh, múinteoir ollscoile, socheolaí, teoiricí polaitiúil, scríbhneoir aistí, scríbhneoir, eolaí polaitiúil, staraí, údar ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
Fostóir | New School for Social Research (en) (1967–) Ollscoil Chicago (1963–1967) Jewish Cultural Reconstruction, Inc. (en) , executive director (en) (1949–1952) Schocken Books, príomheagarthóir (1946–1948) Conference on Jewish Social Studies (en) , chief research officer (en) (1944–1946) The New Yorker (en) Coláiste Brooklyn Ollscoil Columbia Ollscoil California, Berkeley Ollscoil Yale Ollscoil Northwestern Ollscoil Wesleyan Ollscoil Princeton ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
Ball de | |
---|
Gluaiseacht | Feiniméaneolaíocht |
---|
Mac/iníon léinn de chuid | Martin Heidegger agus Karl Jaspers |
---|
Faoi thionchar | Edmund Husserl, Karl Jaspers, Martin Heidegger, Edmond Búrc, G. K. Chesterton, Montesquieu, Alexis de Tocqueville, Walter Benjamin, Hans Jonas, Íosa Críost, Duns Scotus, Niccolò Machiavelli, Platón, Karl Marx, Sócraitéas, Franz Kafka, Naomh Agaistín, Carl Schmitt, Naomh Pól, Immanuel Kant, Arastotail agus Søren Kierkegaard |
---|
Teangacha | An Ghearmáinis agus Béarla |
---|
|
Saothar suntasach |
Mac léinn dochtúireachta | Elisabeth Young-Bruehl |
---|
|
Céile | Günther Anders (1929–1937) Heinrich Blücher (1940–1970), bás a c(h)éile ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
Duine muinteartha | Henriette Arendt (aintín) ![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
---|
Gradam a fuarthas |
|
|
|
![Cuir in eagar ar Wikidata](//upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/63/Arbcom_ru_editing.svg/10px-Arbcom_ru_editing.svg.png) |
Giúdach ab ea Arendt agus, dá bharr, níorbh fhéidir léi fanúint i nGearmáin na Naitsithe - go háirithe agus í ina gníomhaí polaitíochta. D'fhág Arendt a tír dhúchais sa mbliain 1933 agus do chaith sí blianta sa bhFrainc sular éirigh léi, lena fear céile agus lena máthair dul chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá. Toisc gur baineadh a saoránacht Ghearmánach di sa bhliain 1937, do bhí Arendt gan stát go dtí gur fuair sí saoránacht Mheiriceánach sa mbliain 1951. Ón mbliain sin amach, do thugadh sí Gearmánach-Meiriceánach uirthise.
Cé go raibh dlúthbhaint ag Arendt leis an bhfealsúnacht ar feadh a saoil - do dhein sí staidéar ar an bhfealsúnacht in Ollscoil Mharburg, in Ollscoil Fhreiburg agus in Ollscoil Heidelberg; níos déanaí, do scríobhadh sí ailt fén bhfealsúnacht pholaitíochta agus do bhí an fhealsúnacht á múineadh aici i gColáiste Bhrooklyn -, níor thugadh sí "fealsúnaí" uirthi féin agus ní raibh sí sásta "Fealsúnacht Pholaitíochta" a thabhairt ar shaothair dá cuid. Do bhí sé de nós aici a rá gur "Teoiric na Polaitíochta" a bhí ina saothair agus gur staraí a bhí inti féin.
Foilsíodh an saothar is cáiliúla de chuid Arendt, Bunús an Ollsmachtachais (Béarla: The Origins of Totalitarianism), sa mbliain 1951.[1] Is é an leabhar siúd an leabhar is tábhachtaí dá scríobh Arendt fén bpolaitíocht. Ó thaobh na fealsúnachta de, áfach, is é An Staid Dhaonna (Béarla: The Human Condition), leabhar a foilsíodh den gcéad uair sa mbliain 1958, an saothar is tábhachtaí dá cuid.[2]
Tagairtí