Gíománach
Tagann an focal Gaeilge gíománach ón Bhéarla yeoman,[1] focal a chiallaigh, i dtús báire, duine ar leis píosa talún, duine a shaothraíonn an talamh, nó ball de mheánaicme na seirbhíseach i dteaghlach ríoga nó uasal Sasanach. Doiciméadaíodh an téarma Béarla den chéad uair i Sasana i lár na 14ú haoise. Chuaigh gíománaigh isteach i gCabhlach Shasana le linn an Chogaidh Céad Bliain mar mhairnéalaigh agus mar bhoghdóirí. Go luath sa 15ú haois, ba rang i gcóras na ridireachta é yeoman idir péitse agus scuibhéir. Faoi dheireadh na 17ú haoise, d'úsáidtí an téarma do chéim sa Chabhlach Ríoga do na gnáthmhairnéalaigh a bhí i bhfeighil stóras na loinge, mar shampla earraí bia, púdar gunna, agus seolta.
Tagairtí
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCatagóir:Comhlachtaí teicneolaíochtaAn tAontas SóivéadachStáit Aontaithe MheiriceáSpeisialta:RecentChangesAn Dara Cogadh DomhandaAn VicipéidSpeisialta:SearchVicipéid:Séanadh ginearáltaRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannMickey Mouse (sraith scannán)Iarracht Donald Trump a fheallmharúÉireVicipéid:CabhairSouth Park: Bigger, Longer & UncutCatagóir:Lucht CLGVicipéid:Cúrsaí reathaVicipéid:Lárionad comhphobailAlbainNeamhord pearsantachtaAn SpáinnAn BastilleAn GhaeilgeHarrison FordVicipéid:Halla baileDustin HoffmanSpeisialta:MyContributionsVicíSpike LeeCamarúnInternational Standard Serial NumberCharlotte RamplingWill Smith617Kate WinsletJude LawTuatha na GaelRoberto BenigniJeremy Irons