Glúcós

Comhdhúil cheimiceach le foirmle C6H12O6 is ea glúcós,[1] a dtugtar deastrós[2]deaslós[3] air freisin. An siúcra sécharbón is coitianta, agus príomhtháirge na fótaisintéise i bplandaí. Is polaiméirí comhdhlúthúcháin iad stáirse is ceallalós an ghlúcóis araon. Cuimsíonn maltós, lachtós is siúcrós iarmhar glúcóis amháin, ar a laghad, agus is féidir glúcós a fháil uathu trí hidrealú aigéadach nó einsímeach.[4]

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachGlúcós
Substaint cheimiceachgroup of isomeric entities (en) Aistrigh
Rólmilseoir, essential medicine (en) Aistrigh agus príomh-mheitibilít
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachC₆H₁₂O₆

Tagairtí