George Boole
Matamaiticeoir, loighceoir, agus fealsamh a saolaíodh i Lincoln Shasana is a d'oibrigh i gColáiste na Ríona i gCorcaigh ab ea George Boole (2 Samhain 1815 – 8 Nollaig 1864).
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Samhain 1815 Lincoln, England ![]() |
Bás | 8 Nollaig 1864 49 bliana d'aois Baile an Teampaill ![]() |
Siocair bháis | Niúmóine |
Áit adhlactha | Corcaigh ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Loighic mhatamaiticiúil |
Gairm | matamaiticeoir, loighceoir, fealsamh, eolaí ríomhaireachta ![]() |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Mary Everest Boole (1855–) ![]() |
Páiste | Ethel Lilian Voynich, Margaret Boole Taylor, Mary Boole Hinton, Alicia Boole Stott, Lucy Everest Boole ![]() |
Gradam a fuarthas
| |
![]() ![]() |
B'eisean a chéadcheap ailgéabar Boole, is é sin, an cineál ailgéabar a úsáidtear le réasúnaíochtaí loighciúla a chur i bhfoirm mhatamaiticiúil.
Is é ailgéabar Boole is bunús leis an ríomhaireacht nua-aimseartha go léir, agus ag caitheamh súil ar ais dúinn, is féidir linn a rá go raibh Boole ar dhuine acu siúd a bhunaigh an ríomheolaíocht mar bhrainse eolaíochta, cé nár tháinig an chéad ríomhaire ar an bhfód ach i bhfad i ndiaidh a lae.
Thug Boole isteach teoiric na do-athraitheachta (1841), brainse nua sa mhatamaitic a bhí bunúsach i dteoiric coibhneasachta Einstein.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/87/George_Boole%2C_Cork_%286921390393%29.jpg/220px-George_Boole%2C_Cork_%286921390393%29.jpg)
Tá cáil ar Boole freisin as na leabhair
- Mathematical Analysis of Logic (Anailís Mhatamaiticiúil ar an Loighic, 1847) agus
- Laws of Thought (Dlíthe na Smaointeoireachta, 1854).
Rinne Boole céimeanna chun cinn i dteoiric na seiteanna, uimhreacha dénártha is an dóchúlacht.
Tugtar an leasainm bunaitheoir na glanmhatamaitice air.[1]