Geneviève Néron
Aisteoir agus ceoltóir ó Québec is ea Geneviève Néron, a rugadh in Montréal ar an 24 Iúil 1974.
![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Iúil 1974 49 bliana d'aois Montréal, Quebec ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ban-aisteoir, stiúrthóir scannán ![]() |
Uirlis | Dord |
![]() ![]() ![]() ![]() |
Tar éis di cúrsaí scannánaíochta agus aisteoireachta a dhéanamh rinne sí páirteanna i ndrámaí beaga agus thosaigh sí obair a fháil ar an teilifís.
Tharraing sí clú éigin uirthi féin sna sraithdhrámaí Virginie, Tribu.com et Les Invincibles, ach is clár don aos óg, Réal-IT,[1] is mó a rinne iomráiteach í, agus ghnóthaigh sí duaiseanna dá bharr, leithéid an Prix Gémeaux i 2004.[2]. Bhí sí le fáil freisin sa tsraith theilifíse Jean Duceppe[3]. Rinne sí páirteanna ina lán scannán freisin. Orthu sin bhí Les Boys 3, Soowitch et La Moitié gauche du frigo.
Ón mbliain 2005 i leith tá sí ag seinm lena grúpa rac-cheoil agus ceoil tíre Madame Moustache. Ise an príomhamhránaí agus an dordghiotáraí. Tháinig a gcéad albam, Au nom du countr(i), amach in 2008.
Tá sí sáite i ngnóthaí timpeallachta. Bhí sí páirteach sa tionscadal comhshaoil “Vu du large II”[4] agus in 2007 thosaigh sí féin agus Christophe Rapin ag cur Rallye Müvmedia, clár taistil, i láthair ar Télé-Québec.[5].
Scannáin agus teilifís
- 1996: Virginie (sraith theilifíse) - Agathe Sirois
- 1999: Karaoke - Geneviève
- 2000: La Moitié gauche du frigo - Odile
- 2001: Soowitch - Karine
- 2001: Les Boys 3 - Chantal
- 2002: Jean Duceppe (sraith theilifíse) - Louise Duceppe
- 2002: Réal-IT (sraith theilifíse) - Manu
- 2005: Les Invincibles (sraith theilifíse) - Kathleen Samson
- 2006: Les 7 (miondráma ceoil) - Jolie Julie
- 2006: Et Dieu créa… Laflaque - Voix de Laurence