Gallinago
Is géineas éan é Gallinago san fhine Scolopacidae (na lapairí), ina bhfuil 18 speiceas.
naoscach | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
Aicme | Aves |
Ord | Charadriiformes |
Fine | Scolopacidae |
Géineas | Gallinago Brisson, 1760 |
Thug an míoleolaí Francach Mathurin Jacques Brisson an t-ainm Gallinago isteach sa bhliain 1760 mar fhoroinn den ghéineas Scolopax.[1] Níor bhain Brisson úsáid as córas déthéarmach ainmníochta Carl Linnaeus, agus cé gur ghlac éaneolaithe le go leor géineas de chuid Brisson, rinneadh neamhaird ar a chuid foranna den chuid is mó.[2] Ina áit sin, bhí cruthú an ghéinis Gallinago curtha síos don míoleolaí Gearmánach Carl Ludwig Koch i leabhar a foilsíodh sa bhliain 1816.[3] Ach i 1920 fuarthas amach gur leag an nádúraí Gearmánach Johann Samuel Traugott Frenzel an géineas Capella amach do na naoscacha sa bhliain 1801.[4] Thosaigh Aontas Éaneolaithe Mheiriceá ag baint úsáide as Capella sa bhliain 1921[5] agus i 1934 d’úsáid an t-éaneolaí Meiriceánach James L. Peters Capella do na creabhair ina leabhar clúiteach Check-list of Birds of the World.[6] Sa bhliain 1956, rialaigh an Coimisiún Idirnáisiúnta um Ainmníocht Zó-eolaíochta gur cheart go mbaintear úsáid as Gallinago Brisson 1760 ar an ngéineas agus an naoscach coiteann mar speiceas tíopúil.[7]
Is focal Nua-Laidine ar chreabhar nó naoscach é gallinago, ón Laidin gallina, “cearc” agus an iarmhír -ago, "cosúil le".[8]
Tá 18 speiceas sa ghéineas:[9]
- Gallinago solitaria
- Gallinago hardwickii
- Gallinago nemoricola
- Gallinago stenura
- Gallinago megala
- Gallinago nigripennis
- Gallinago macrodactyla
- Gallinago magellanica
- Gallinago media — naoscach mhór[10]
- Gallinago gallinago
- Gallinago delicata — naoscach Wilson[11]
- Gallinago paraguaiae
- Gallinago andina
- Gallinago nobilis
- Gallinago undulata
- Gallinago stricklandii
- Gallinago jamesoni
- Gallinago imperialis