Fiobróideach
Siad éadrom a fhásann taobh istigh den bhalla útarach nó a ghreamaíonn leis. Tarlaíonn sé mar gheall ar fhorfhás mínormálta mhatáin is fhíochán tacaíochta na broinne. Ní fios go beacht cén fáth a dtarlaíonn sé, ach is dócha go mbaineann sé le spreagadh le héastraigin, mar bíonn claonadh ann go méadaíonn fiobróidigh le linn teiripe le héastraigin (cosúil leis an bpiolla frithghiniúna) agus toirchis. Fásann fiobróidigh ó aois óg, agus bíonn i láthair i 20% de mhná thar 35 bliain d'aois. Leanann siad ag fás le linn saol atáirgthe na mná, agus cúlaíonn i ndiaidh an tsos míostraithe. Má bhíonn na fiobróidigh mór, is féidir go mbeidh an sreabhadh míosta iomarcach is go n-atfaidh an bolg. Is féidir gur cúis neamhthorthúlachta iad de thoradh cosc a chur le hionchlannú an tsutha, agus go gcuirfidh siad isteach ar thoircheas mar go laghdaíonn siad an spás don fhéatas sa chuas útarach. Más gá, is í an chóireáil ná drugaí chun an fiobróideach a chrapadh nó mainliacht chun é a bhaint.[1]
![]() ![]() | |
Cineál | uterine benign neoplasm (en) ![]() ![]() ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | oinceolaíocht ![]() |
Pataigineas | |
Suíomh | Broinn ![]() |
Cúis ghéiniteach | TNRC6B ![]() |
Aicmiú | |
ICD-9 | 218 agus 218.9 ![]() |
CIAP | X78 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
OMIM | 150699 ![]() |
DiseasesDB | 4806 ![]() |
MedlinePlus | 000914 ![]() |
eMedicine | 405676 ![]() |
Patient UK | fibroids-pro ![]() |
UMLS CUI | C0042133 ![]() |
DOID | DOID:13223 ![]() |