Scríbhneoir Gearmánach ab ea Erich Kästner (23 Mí Feabhra 1899, Dresden - 29 Mí Iúil 1974, München). Scríobhadh sé dánta greannmhara agus leabhair do pháistí. Chuir Nicholas Williams Gaeilge ar úrscéal leis, Emil und die Detektive. Tháinig an leagan Gaeilge, Emil agus na bleachtairí, i gcló sa bhliain 2004.