Ella Young
File Éireannach agus miotaseolaí Ceilteach a bhí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge agus in Athbheochan liteartha na gCeilteach san 19ú haois déanach agus go luath san 20ú haois ab ea Ella Young.[1]
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 26 Nollaig 1867 Contae Liatroma, Éire ![]() |
Bás | 23 Iúil 1956 88 bliana d'aois Oceano, California ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Ríoga na hÉireann Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, miotagrafaí, scríbhneoir litríocht pháistí, múinteoir ollscoile, scríbhneoir, úrscéalaí ![]() |
Fostóir | Ollscoil California, Berkeley ![]() |
Teaghlach | |
Siblín | Róis Ní Ógáin |
![]() ![]() ![]() |
Ar na leabhair do pháistí, a bhunaigh sí ar scéalta sa bhéaloideas agus sa mhiotaseolaíocht, a sheasann a clú mar scríbhneoir. Chuir sí amach cúig leabhar filíochta idir 1906 agus 1950.
Saol
Tá rómánsaíocht le brath ar gach rud dírbheathaisnéisiúil a scríobh sí ach níl amhras ach gur fhoghlaim sí Gaeilge agus go mbíodh sí i gcomhluadar na mban uaisle a shaothraigh don teanga i dtús an 20ú haois.
Ba í an ‘Eibhlín Ní Ógáin’ úd í a sheas le Móirín Ní Shionnaigh an lá a phós sí Claud Chavasse. I bhFíonach i gContae Aontroma a rugadh í ar 26 Nollaig 1867 agus Ellen a baisteadh uirthi. Ceannaí ba ea a hathair James Bristow Young agus ba é Luimneach a sheoladhsan ag am na breithe, dar leis an teastas. Ba í Matilda Ann Russell a máthair. Preispitéirigh ba ea iad agus thug Ella féin le tuiscint gur tiarnaí talún a bhí ina muintir uair.
Naonúr ar fad a rugadh don lánúin ach níor mhair díobh ach seisear, de réir Dhaonáireamh 1911. Faoin am sin bhí siad ag lonnú i mBaile Átha Cliath le tuairim 25 bliana agus cónaí orthu ag 57 Cearnóg Grosvenor, Ráth Maonais. Ella an t-aon duine amháin sa teaghlach a raibh Gaeilge aici—bhí BA aici agus ba í an mhúinteoireacht a slí bheatha, dar le foirm an Daonáirimh. An Ollscoil Ríoga a thug an chéim di in 1898[2].
Tá cuntas ina cuimhní cinn Flowering dusk, (1945) ar rang a bhí á stiúradh aici do Iníní na hÉireann agus stair na tíre á múineadh aici ‘to about 80 denizens of untamed Dublin: newsboys, children who had played in street alleys all their lives, young patriot girls and boys who can scarcely write their own names’.
Tá scéal aici ar a céad chuairt ar an nGaeltacht nuair a chuaigh sí siar go Cill Chiaráin le Maud Joynt agus Mary Scarlett. Chaith sí tréimhsí in Acaill freisin. Tugann sí cuntas freisin ar a páirt i ngluaiseacht na saoirse ó 1912 ar aghaidh. Is toisc a hainm a bheith ar liosta dubh na n-údarás a d’fhill sí ar Chonamara tar éis an Éirí Amach.
Bhí sí ar ais i mBaile Átha Cliath i 1919 agus is toisc a líonmhaire a bhí na cairde a maraíodh a thug sí Meiriceá uirthi féin i 1925. Tar éis tamaill ansin ag léachtóireacht fuair sí post léachtóra in Ollscoil California (Phelan Memorial Lectureship) agus an litríocht agus an mhiotaseolaíocht Cheilteach mar ábhair aici.
Féach freisin
- Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo » Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/
- Tá cuntas ar a saothar liteartha ag M.Kelly Lynch in Macmillan "Dictionary of Irish literature" mar aon le leabharliosta.