Duan Albanach

dán

Dán Meán-Ghaeilge is ea an Duan Albanach, scríofa agus Mael Coluim III i gcoróin. Leanann sé ar an Duan Éireannach, a insíonn stair níos luaite na nGael.

Uirlis nasctha le cultúr meánaoise na nGael, idir Éire agus Alba, is ea an chláirseach. Caomhnaítear an ceann seo i Músaem na hAlban.

Faightear an dán mar chuid den Lebor Bretnach, leagan Gaeilge den Historia Brittonum le Nennius, le tuilleadh ábhair go bhformhór i dtaobh na hAlban. Caomhnaítear é i bhfoinsí Gaelacha éagsúla, ach is as Leabhar Mór Leacáin agus Leabhar Uí Mhaine an leagan is coitianta.

Is dán molta le 27 rann, a chantaí sa chúirt le tionlacan cláirsigh. Agus é á chasadh os comhair an phobail, a is dócha é go nglacfadh an lucht féachana páirt sa léiriú.

Insíonn an Duan rithe na hAlban of the Scots ó theacht an sinsear eapainmneach, Albanus. Tosaíonn agus críochnaíonn an dán leis na rannta a leanas. Sna ranna deiridh, is léir go dtéann an dán siar go dtí aimsir Mhaoil Choilm III, sa dara leath na 11ú haoise.

Meán-GhaeilgeNuaGhaeilge
A eolcha Alban uile,A eolaithe Alban uile,
a shluagh feuta[1] foltbhuidheA shlua chróga fholtbhuí
cia ceud ghabhail, an eól duíbh,Cé céad ghabháil, an eol daoibh
ro ghabhasdair Albanruigh ?a ghabh Alban-ríocht ?
Albanus ro ghabh, lia a shlógh,Albanus do ghabh, is lia a shluaite
mac sen oirdérc Isicon,Mac illustrious son of Isacon,
brathair is Briutus gan brath,Bráthair is Brutus gan brath,
ó ráitear Alba eathrach.Óna ghlaoitear Alba eathar[2]
Se bliadhna Donnchaid glain gaoithSé bliana Donnchaidh ghlanghaoise wise,
xuii bliadhna mac Fionnlaoich,Seacht mbliana déag mac Fionnlaoich;
tar és Mec Beathaidh go m-blaidh,Tar éis Mhic Bheatha bhladha,[3]
uii mís i f-flaithios Lughlaigh.Seacht mí i bhflaitheas Lughlaigh
Maolcholuim anosa as rí,Maol Coilm anois an rí,
mac Donnchaidh dhata dhrechbhi,Mac Donnchaidh dhaite, dhreachbheo
a ré nocha n-[4]fidir neach,A ré i féidir neach
acht an t-eólach as éolach. A eolcha...Ach eolaí na n-eolaithe. A eolaithe...

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí