Droichead Suramadu
Droichead idir Surabaya, ar an oileán Iáva, agus an baile Bangkalan, ar an oileán Madura, san Indinéis is ea Droichead Suramadu (Indinéisis: Jembatan Suramadu), nó Droichead Surabaya-Madura.
Droichead Suramadu | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Cable-stayed bridge (en) | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 10 Meitheamh 2009 | |||
Tréith | ||||
Tomhas | 146 () × 5,438 () m | |||
Trasnaíonn sé | Madura Strait (en) | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Surabaya, An Indinéis | |||
| ||||
Staidreamh
Tá dhá bhóithrín i ngach treo agus bóithrín éalaithe ag an droichead. Ar leataobh tá bóithrín do ghluaisrothair ann. Tá an droichead 5.4 ciliméadar ar fad, an droichead is faide san Indinéis.
Stair
Cuireadh tús le tógáil an droichid ar 20 Lúnasa 2003. In Iúil 2004, thit cearchaill go talamh agus maraíodh oibrí amháin agus gortaíodh naonúr eile. Stad an oibriú ag deireadh 2004 de bharr easpa maoine, ach d'atosaigh siad an obair i Samhain 2005. Osclaíodh an droichead ar an 10ú Meitheamh, 2009. 4.5 trillion rupiah (US$445 million) an costas iomlán ar an scéim.
Naisc sheachtracha
- Suíomh Idirlín (in Indinéisis)
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachSpeisialta:RecentChangesSpeisialta:SearchStáit Aontaithe MheiriceáAn Dara Cogadh DomhandaVicipéid:Séanadh ginearáltaAirgeadraVicipéid:Cúrsaí reathaSouth Park: Bigger, Longer & UncutRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:Lárionad comhphobailAn VicipéidÉire (Poblacht na hÉireann)UEFA Euro 2024Vicipéid:CabhairCairistìona NicFhearghaisAn GhaeilgeVicipéid:Halla baileGerard ter BorchÍomhá:Application-certificate.svgLíomhánAlonso Pérez de Guzmán, 7ú Diúc Medina SidoniaLá BloomAn tAontas EorpachDaoine gealaVicipéid:RéamhráAn LibiaMediaWiki800COVID-19Stáisiún an Láir Béal FeirsteThe Reluctant Dragon (scannán)Saoradh na ngiall i Nuseirat agus damáiste comhthaobhach, 2024Baile Átha CliathIarnród Thuaisceart ÉireannShah Rukh KhanEdelweiss