Domhnall Caomhánach
Rí Laighean agus sinsear na gCaomhánach de chlann Uí Chinnsealaigh ba ea Domhnall Caomhánach (Domhnall mac Diarmada Mac Murchadha), a bhí i réim ón bhliain 1171 go dtí 1175.[1][2][3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1140 (Féilire Ghréagóra) Cúige Laighean ![]() |
Bás | 1175 (Féilire Ghréagóra) 34/35 bliana d'aois |
Áit adhlactha | Fearna ![]() |
Ríthe na Laighean | |
1171 – 1175 ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | éilitheoir ![]() |
Tréimhse ama | Glúin an 12ú aois |
Teaghlach | |
Páiste | Domhnall Óg Mac Murchadha ![]() |
Athair | Diarmaid Mac Murchadha |
Caomhánach
Cuireadh Domhnall ar altramas le haghaidh a chuid oideachais chuig Mainistir Naomh Caomháin i nGuaire, Loch Garman.[4] Ag iarraidh cloí a bhaint amach air féin óna dheartháireacha eile, ghlac Domhnall da bharr mar leasainm Caomhánach.[5] Mar mhalairt ar an ngnáthnós, ghlac a mhuintir an t-ainm mar a sloinne.[6]
Rí Laigean
Tar éis bhás a athar, Diarmaid Mac Murchadha, sa bhliain in 1171, forógraíodh Domhnall was proclaimed rí Laighean ag roinnt taoisigh, faoi réir an Fhéineachais. Mar mhalairt, mhaígh na Normannaigh gurbh é Strongbow an comharba dlisteanach, mar thoradh a phósta le deirfiúr Dhomhnaill, Aoife.[7] Ar aon chuma, bhí Laighin tógtha ag Diarmaid mar spré d'Aoife, agus níl taifead ann ar chuir Domhnall go poiblí i gcoinne na spré.
Sa bhliain 1175, insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí gur maraíodh Domhnall ag Ó Foirtchirn agus Ó Nóláin i rith Chath an Náis.[8][9] Adhlacadh é gar dá athair Diarmaid sa reilig i bhFearna. Tháinig a gharmhac Muirchertach mac Domhnaill Óig i gcumhacht air mar rí.
Féach freisin
Tagairtí
Réamhtheachtaí Diarmait Mac Murchada | Rí Laigean c.1171–1175 | Comharba Muircheartach mac Domhnaill |