Cumann Merriman
Cumann litríochta is ea an Cumann Merriman, atá ainmnithe in ómós do Bhrian Merriman, údar dáin cháiliúil, Raibiléiseach na hochtú aoise dhéag, Cúirt an Mheán Oíche.[1][2] Tá sé mar aidhm ag Cumann Merriman suim a chothú in gach gné de chultúr na hÉireann: an Ghaeilge, an stair, an litríocht, an rince, an ceol is araile. Ó cuireadh ar bun i 1967 é, tá sé mar aidhm aige suim a chothú ins an bhfile agus i stair is traidisiún Thuamhan.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | cumann liteartha |
Eagraíonn an Chumann dhá fhéile litríochta gach bliain, sa samhradh agus sa gheimhreadh. Tá Cumann Merriman buanaithe mar institiúid Éireannach
Scoil Gheimhridh Merriman
Bíonn níos mó béime ar litríocht na Gaeilge ag an scoil geimhridh. Reáchtáiltear Scoil Gheimhridh Chumann Merriman gach bliain ag an deireadh seachtaine is gaire do Lá ‘le Bríde. Reáchtáladh an chéad Scoil Gheimhridh san Aonach i gContae Thiobraid Árann, i 1969.[1]
An Scoil Samhraidh
Reáchtáiltear Scoil Samhraidh Chumann Merriman sa tseachtain dheireanach de mhí Lúnasa i ndúthaigh Tuamhumhan.[1]
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- Cumann Merriman (Dátheangach)