A gais toll agus clúmhach os cionn na nód, agus na torthaí leathfhada mín[3].
Cuma na raithní ar na duiIleoga roinnte is na maotháin fo-roinnte ina dteascáin chaola leathfhada..
Chaerophyllum temulumBláthanna bána, iompartha ar umbail suas le 5 cm ar leithead, a fhásann uirthi ina gcomhumbail bheaga oscailte, os comhair na nduilleog go minic.
Sleamhain leathfhada éilipseach a bhíonn na torthaí ingearacha agus goba fada caola ina mbarr.
Fástar go minic an chostóg ar son a duilleog cumhra, a úsáidtear mar bhlaiseadh.
Tíreolaíocht
Dúchasach don Oirdheisceart na hEorpa is ea an chostóg. Ach tugadh isteach i gcuid mhaith áiteanna eile í agus saothraítear go fairsing in áiteanna eile í. Bhuanaigh sí í féin mar phlanda fiáin ar thalamh díomhaoin I gcoiIlte agus faoi fhálta.
Leigheas
Chaerophyllum procumbens
Tá an chostóg fualbhrostach spreagthach díleách allasach agus glanann sí an fhuil. Is maith an íoc earraigh í. Óltar an tiosán chun na daitheacha, an gúta agus galarae a mhaolú. Nitear an craiceann leis freisin, rud a thugann faoiseamh ó aicídí ainsealacha craicinn ar nós na heachma.
Chaerophyllum Sativun
Tá luibheanna leighis ann a bhfuil an-dealramh acu le plandaí nimhiúla. Samplaí maithe de luibheanna leighis an chostóg is an pheirsil ach tá siad an-chosúil le peirsil amaide atá fíor-nimhiúil Is furasta an Pheirsil Amaide atá nimhiúil (Aethusa cynapium) a thógáil ina hamhlachas. Is fearr mar sin an chostóg shaothraithe a úsáid.