Conchúr Antóin Mac Gréagóir

dornálaí agus trodaí MMA Éireannach

Is trodaí proifisiúnta Éireannach UFC é Conchúr Antóin Mac Gréagóir (nó Conor Anthony McGregor sa Bhéarla}, a rugadh ar an 14 Iúil 1988 agus is iad Tony agus Margaret McGregor a thuismitheoirí[1]. Erin agus Aoife na hainmneacha atá ag a bheirt deirfiúracha.

Infotaula de personaConchúr Antóin Mac Gréagóir

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Conor Anthony McGregor
14 Iúil 1988
35 bliana d'aois
Cromghlinn, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleitethe notorius Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnCaitliceachas
Áit chónaitheBaile Átha Cliath
Meáchan170 lb
Airde175 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreEalaín oscartha, dornálaíocht agus ealaíona comhraic measctha
Gairmealaíontóir comhraic measctha (2008–), cicdhornálaí, aisteoir, cleachtóir taecuando, dornálaí, ealaíontóir comhraic Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2008 –
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtealaíona comhraic measctha
professional boxing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirtéadrom-mheáchan
cleitmheáchan
marcmheáchan Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhchóitseálaíJohn Kavanagh (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
 FoireannComórtas
- Straight Blast Gym - Ireland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Ciontaíodh iexcessive speed (en) Aistrigh (2017)
→ (400 euro fine (en) Aistrigh)
iompar mí-ordúil (2018)
→ (community service (en) Aistrigh, anger management (en) Aistrigh)
excessive speed (en) Aistrigh (2018)
→ (1,000 euro, 6 míosa fine (en) Aistrigh, driving ban (en) Aistrigh)
ionsaí (2019)
→ (1,000 euro fine (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinshop.conormcgregor.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm6135552 Rottentomatoes: celebrity/conor_mcgregor_3
Facebook: thenotoriousmma Twitter: TheNotoriousMMA Instagram: thenotoriousmma Youtube: UCAddYoRhmxqsRSt4zV4E2_g Cuir in eagar ar Wikidata

The Notorious an leasainm atá air. Ghlac sé páirt sna rannóga éadrom-mheáchain, cleitmheáchain agus i marcmheáchain le linn a ghairme agus bhuaigh sé criosanna curaidh éadrom-mheáchain agus cleitmheáchain[2].

"Is í an aclaíocht an fhoirm is fearr den leigheas" - Conchúr Antóin Mac Gréagóir[3].

Luathshaol

Is as Cromghlinn i mBaile Átha Cliath é ó dhúchas, é sin ráite bhog a theaghlach go Leamhcán nuair a bhí sé ina dhéagóirí. D’fhreastail sé ar Ghaelscoil Choláiste de hÍde, Tamhlacht[4], agus ar Ghaelcholáiste Chois Life i Leamhcán ina dhiaidh sin[5]. Fuair sé a chuid oideachais ar an iomlán trí Gaeilge.

Bhí cúrsaí spórt gar dá chroí ó aois óg. Thosaigh sé ag dornálaíocht ag dhá bhliain déag d’aois le ‘Crumlin Boxing Club’[6] go dtí seacht mbliana déag d’aois. Bhí suim aige í gcúrsaí peile freisin agus thosaigh sé ag imirt do ‘Lourdes Celtic Football Club’ go luath tar éis a tosú sé ag dornálaíocht[7]. Bhí sé ina dhéagóirí déanacha nuair a thosaigh sé ag traenáil sa spórt ealaíona comhraic measctha [8].

Sa bhliain 2008, bheartaigh a chuid tuismitheoirí chun bogadh go Leamhcán, ba mhór an rud é seo a Conchúr díreach cosúil le haon déagóir eile. É sin ráite, cheap sé go raibh sé ar cheann de na rudaí ab fhearr dó [9]. Thosaigh sé ag traenáil i 'Straight Blast Gym' , John Kavanagh an t-ainm don cóitseálaí.

Bhí imní ag a bheirt tuismitheoirí, ní raibh aon rud beartaithe aige nuair a d’fhág sé an scoil. Mar gheall ar sin, fuair sé oiliúint mar pluiméir printíseach. Scoir sé tar éis bhliain amháin toisc go gchreid sé go gcaithfeadh sé díriú ar a ghairm bheatha troid [10].

Stair a chuid troideanna

2007

Ealaíona comhraic amaitéaracha

Mar is eol duinn, bhí Mac Gréagóir ag traenáil mar dhornálaí le tamall maith. I mí Feabhra 2007 bhí a chéad troid aige sna healaíona comhraic measctha amaitéarach i gcoinne Ciaran Campbell agus d’éirigh leis[10].

Gairme sna healaíona comhraic

2008

Ba é 2008, an chéad uair a rinne Mac Gréagóir dreach ghairmiúil ar troid MMA. Sa bhliain seo thosaigh sé ag traenáil i 'Straight Blast Gym' le John Kavanagh [11]. Ba é Gary ‘The Dumptruck” Morris a chéile comhraic. Bhí sé seacht mbliana déag d’aois ag an am agus Morris ocht mbliana déag d’aois. Bhuaigh Mac Gréagóir sa dara babhta den troid le bua TKO [12]. I mhí Meitheamh sa bhliain cheanna, bhí Mac Gréagóir ag chur leis an triail. Bhí sé ag troid i gcoinne Sitenkov agus thapáil sé amach tar éis nóiméad amháin agus naoi soicind [10]. Is léir go raibh tionchar mhór ag an lá seo ar Mac Gréagóir, ní raibh sé le feiceáil sa SBG ar feadh seachtainí tar an an chaillteanais[10]. Bhí imní ag a mháthair Margaret toisc nach raibh sí sásta le na daoine a bhí a bhfuil a mhac leis agus cheap sí nach bhfuil Conchúr sásta nuair nach bhfuil sé ag traenáil. Ghlaoigh sí ar John Kavanagh chun cabhair a fháil agus ar feadh cúpla mí tháinig Mac Gréagóir ar áis go dtí an fáinne troid[9]. Stephen Bailey an t-ainm a bhí ar an gcéad chéile comhraic eile an uair seo bhí bua iontach ag Mac Gréagóir [10].

2010

Ghlac Mac Gréagóir sos ón troid. Bhí sé ag traenáil go dian áfach, agus chuaigh sé ar ais sa bhliain 2010 don chúigiú babhta gairmiúil. Bhuaigh sé 2-1 agus is é an troid chruthaigh sé sin gur ealaíontóir comhraic measctha oilte é gan dabht [10]. I mí na Samhna, ghlac Mac Gréagóir páirt ina chéad troid ar son 'Cage Warriors' [13]. Bhí sé in aghaidh cheann de na trodaithe is fearr MMA san Eoraip 'Joe Duffy' agus níor éirigh leis [10]. Léirigh Mac Gréagóir a chuid scileanna, áfach. Chuir sé troid iontach ar bun.

2011

Feabhra 2011 ba é an chéad troid eile de Mac Gréagóir. An am seo le fear as tuaisceart na hÉireann, Hugh Brady. Bhí siad comhoiriúnach go maith. Mac Gréagóir 4-2 agus Brady 4-1 roimh an gcluiche. Bhí Mac Gréagóir os a chionn ag tabhairt puntaí láimhe clé dó, tar éis dhá nóiméad tríocha soicind chuaigh deireadh leis an gcluiche [10]. Bhí sé arís ar bharr a cluiche ag éirí níos fearr gach cluiche a raibh sé le feiceáil. Ba é seo tús rud éigin eisceachtúil. Tar éis an teacht ar ais seo chuaigh Mac Gréagóir ar trí déag troid as a chéile nár buaileadh sé [14]. Mhí ina dhiaidh sin ní raibh sé ach ceithre shoicind sa troid gur bhuaigh McGregor an bua i gcoinne Mike Wood[10]. Ní raibh aon ghá dó fiú dorn a chosaint ba chluiche é ón tús[15]. Ag lá an 11ú Meitheamh, léirigh Conchúr a fhíor-scileanna MMA. Tar éis an chéad bhabhta diana níor éirigh an fear as an Pholainn, Artur Sowinski go dtí deireadh an dara Bhabhta [15]. Tar éis an troid seo tairgeadh é don Cage Warriors arís, tar éis chéad iarracht bhocht an bhliain roimhe sin [10]. Ar fhilleadh dó Cage Warriors bhí sé i gcoinne Aaron Jahnsen[14]. Cé go raibh Jahnsen 8-2, bhí cuma ag Mac Gréagóir mar an fear is fearr. É sin ráite d'éirigh leis, chun an cigiú TKO bua as a chéile.

2012

Bhí gá le sos tuillte go maith, tar éis an bhliain lán le bua í 2011. Rinne sé a theacht ar ais tar éis cúig mhí an am seo í gcoinne Steve O'Keefe [14]. Ní raibh aon crochadh thart arís agus chríochnaigh sé le haghaidh bua do Mac Gréagóir i mbabhta a haon, nóiméad amháin tríocha trí soicind[16]. D’athraigh sé ó mheáchan éadrom go meáchan cleite don troid seo. Bhí sé in ann 145lb a ghearradh agus is fíor a rá go raibh sé seo dian do Mac Gréagóir ach é sin ráite bhí sé diongbháilte[10]. Dhaingnigh sé seo bua 2-0 dó do Cage Warriors. Shocraigh sé chun dul ar ais go mheáchan éadrom arís chun dul i ngleic le Ivan Buchinger ar an lá deiridh den bhliain chun an teideal éadrom a fháil. Bua KO a bhí ann i mbabhta a haon tar éis trí nóiméad daichead soicind do Mac Gréagóir[17].Ba é na scileanna agus an teicníc den scoth chomh maith le a lámh chlé chun críochnú [18]. Sin na rudaí a thug Mac Gréagóir ar cheann de na daoine ba mhó a labhair faoi i mma ag an am sin.

2013

Sa bhliain seo rinne Mac Gréagóir an chéad chuma UFC den chéad uair. Ag an am seo bhí idir theidil meáchain chleite agus éadroma aige don Cage Warriors. 6ú Aibreán an lá den chéad troid UFC de Mac Gréagóir. Leag sé amach an fear Meiriceánach, Marcus Brimage tar éis seasca seacht soicind i mbabhta a haon[19][20]. Chomh maith le sin bunaigh duais $60,000 bónas do KO den oíche [21]. Tháinig an chead troid eile i mí Lúnasa, Max Holloway an fear ag an am seo[22]. Troid fhada, tuirsiúil ab ea é agus bhuaigh Mac Gréagóir den tríú babhta cinneadh d’aon toil a bhí ann[23]. Phioc an bheirt fhear gortuithe suas le linn an troid[24].Strac Mac Gréagóir a ACL le linn na troda ach é sin á rá lean sé ar aghaidh[19]. Chiallaigh é seo go mbheadh air chun troideanna chur ar leataobh ar feadh beagnach bliain[19].

2014

Rinne Mac Gréagóir an teacht ar ais i mí Iúil an am seo ina áit dúchais, Baile Átha Cliath[25]. Socraíodh an cluiche don 19 Iúil i gcoinne Cole Miller ach d'athraigh sé toisc gur ghortaigh sé a lámh[26]. Bua KO eile do Mac Gréagóir arís sa chéad babhta. Chaill Diego Brandao an troid ó lámh chlé ó Mac Gréagóir[27]. Fuair sé bónas ‘feidhmíocht na hoíche’ ón UFC agus é $ 50,000[28]. Ní raibh sé ach trí lá ina dhiaidh sin gur fógraíodh troid eile. Is fíor a rá ón lá seo go dtí la an troid is iomaí na focail a ritheadh idir an bheirt [21]. Arís TKO eile, taobh istigh den chéad dá nóiméad. Thosaigh Mac Gréagóir ar thús láidir agus ní raibh seans ar bith ag Dustin Poirier ón dtús [29].

2015

UFC 189 Aldo vs. McGregor 2015

Eagraíodh troid ansin i gcoinne Dennis Siver[30]. Is ráite gur dheimhnigh Uachtarán UFC Dana White go n-áiritheoidh bua thar Silver iarracht ina choinne curadh meáchain cleite UFC, Jose Aldo [31]. Ainneoin a chuid cainteanna ba bhua an dara babhta é i gcoinne Siver [32]. Tamall beag ina dhiaidh sin eagraíodh troid a raibh gach duine ag súil go mhór leis, Jose Aldo. Bhí sé beartaithe a bheith i Las Vegas ar 11 Iúil [21]. Bhí sé ag Aldo chun éirí as an gcomhrac geallta mar gheall ar gortú a phioc sé suas[19]. Ba é Mendez an t-athsholáthar, bhí sé crua ach bhí Mac Gréagóir níos fearr[33]. Tar éis an chéad crua babhta d'éirigh Mac Gréagóir le bua TKO sa dara babhta[19]. Ba é a bhealach isteach a chuir iontas ar slua na hÉireann, Sinead O'Connor, bean Éireannach ag canadh an 'The foggy dew'[34]. Anois, tá teideal eatramhach meáchan cleite ina lámha.

Ní breag ar bith a rá nach raibh Mac Gréagóir ag fanacht tamall fada don troid le Aldo.Bhí sé eagraithe bheadh sé ar siúl an dara la déag de Nollaig an bhliain sin[35]. D'úsáid Mac Gréagóir cumhacht a ghutha agus a fhocail chun iarracht a chuid is fearr chun Aldo imeaglú[36]. Ba chosúil go n-oibreodh sé trí soicind déag a thóg sé chun bua a fháil do Mac Gréagóir, ba é an teideal domhanda ufc is gasta é. Ghlac sé teideal WEC agus UFC ar feadh bliana Aldo agus ghnóthaigh sé an bónas "Feidhmíocht na hOíche" freisin[37]. Trí cinn de na troideanna is mó in aon bhliain amháin, bronnadh teideal tuillte go maith Trodaire na Bliana MMAFighting.com ar Conchúr Mac Gréagóir[37].

2016

Tar éis an bua i gcoinne Aldo, ba mhaith le Mac Gréagóir chun bogadh go meáchan éadrom. An chuis le seo na theastaigh uaidh a bheith ina churadh dé-mheáchain. Bhí troid eagraithe i gcoinne Rafael doe Anjos dem 5ú Márta ach ag an 23ú Feabhra b’éigean dó seasamh síos tosc gur mar bhris sé a chos[38]. Chinn Nate Diaz tabhairt faoi Mac Gréagóir. Bhí sé trí lá dhéag roimh an troid agus mar gheall ar sin socraíodh meáchan welter den bheirt. Sin an lá a tháinig an chéad caillteanas den UFC. Bhí Mac Gréagóir láidir sa chéad babhta ach nuair a chuir Diaz 'choke hold' ag Mac Gréagóir den dara babhta níl aon rogha aige ach tapáil amach. É sin ráíte fuair Mac Gréagóir díoltas air i Lúnasa. Bhuaigh sé sa chúigiú babhta i gcoinne Diaz[39]. Bhí an crios éadrom fós in intinn Mac Gréagóir chuir sé a chuid aislingí i gcrích ar an 27ú Meán Fómhair. Eddie Alvarez an t-ainm den fear ina bhfuil sé i gcoinne agus fuair Mac Gréagóir KO sa dara babhta[40]. Rinne sé stair an lá seo, an chéad fear sa UFC ina bhfuil an t-ór sa rannán meáchan cleite agus éadrom ag an an cheanna [41]. Dhá seachtain ina dhiaidh sin bhí sé in ann a theideal meáchan cleite a thabhairt suas[42]. Is é jose aldo an sealbhóir teidil nua.

2017

Gairme gairmiúil dornálaíochta

Socraigh Mac Gréagóir sos a ghlacadh ar feadh cúpla mí mar ba é an t-am a rugadh a chéad leanbh, Conor Jack McGregor [43]. Sa mhí Mheithimh, áfach socraigh sé rud difriúil a dhéanamh. Bhí troid dornálaíocht beartaithe i gcoinne Floyd Mayweather. Bhí bhí sé ar tí scoir, daichead bliain d’aois an bhliain seo [44]. An chéad uair ina bhfuil Mac Gréagóir ag déanamh gairmiúil dornálaíochta i gcoinne an dornálaí is fearr sa domhan. Cé gur bhuaigh Mayweather bua KO i mbabhta a deich, bhí an chuid is mo den cainte ann faoi taispeántas Mac Gréagóir. Chuir Mac Gréagóir troid iontach ar bun agus bhí sé ina iomaitheoir diana do Mayweather i Las Vegas[45].

2018

Bhí an crios éadrom tógtha ó Mac Gréagóir toisc nach raibh sé san iomaíocht san éadrom seo ar feadh beagnach dhá bhliain. Cé go bhfuil troid eagraithe i gcoinne Khabib ag deireadh an bhliain[46]. Is léir nach raibh Mac Gréagóir sásta leis an gcinneadh seo, chuir sé post ar twitter ar an 5ú lá de Aibreán ag miniú a ag míniú a frustrachais agus a díomá [47]. Bhí ag Mac Gréagóir tapáil amach sa cheathrú babhta[48], ach tar éis an throid seo i gcoinne Khabib bhris troid amach le baill den dá fhoireann[49]. Rud nach bhfaca UFC riamh.

2019

D’fhógair an trodaire tríocha bliain d’aois go bhfuil sé ag scor ó MMA cúig mhí ina dhiaidh an troid le Khabib.Ag an am seo bhí taifead MMA aige de fiche bua agus ceithre bhuille[50]. É sin ráite, cheap a lán daoine go bhfillfeadh sé ar ais.

2020

Ainneoin a scoir rinne Mac Gréagóir teacht eile ar ais. An chéad chuma ó 2016 i gcoinne Donald Cerrone[51]. Ní raibh sé ach daichead soicind a maireann an troid. Tá stair déanta arís ag Mac Gréagóir. Is é chéad trodaire a bhuaigh KO ag meáchan cleite, ag meáchan éadrom agus anois meáchan welter[52].

2021

Ní bheidh sé a thabhairt suas. Cé gur fhógair sé scor den dara huair tar éis an troid i 2020. Sa bhliain seo, 2021 bhí ag Mac Gréagóir a athimirt le Dustin Porier. Is ráite gur bhuaigh Mac Gréagóir an chéad bhabhta ar chártaí scór na mbreithiúna go léir. Is den dara babhta fuair Mac Gréagóir sé cos marbh agus ba é an am a d’éirigh leis an Porier agus bhuaigh sé den KO [53][54].

Fiontair ghnó

Fuisce Éireannach 'Proper no. Twelve

Íomhá:Uisce beatha Proper 12 Mac Gréagóir.png
Uisce beatha Proper 12 Mac Gréagóir

Sheol Mac Gréagóir fuisce nua Éireannach sa bhliain 2018. 'Proper no 12' an t-ainm atá air. Tagann an t-ainm seo chun an áit ina raibh sé as, an cód poist Baile Áth cliath a dó dhéag[55]. Chruthaigh sé an branda seo toisc go raibh sé ag iarraidh a roinnt a paisean d'Éirinn [56]. Theastaigh uaidh a chuid féin a chruthú chun é seo a dhéanamh. Is iad na leideanna de vanilla, binneas cosúil le mil agus adhmad tósta san uisce beatha a cruthaíonn ceann difriúil le cinn eile[56]. De réir tuarascála, deirtear gur dhúbailt sé a ghlanfhiúchas mar gheall ar a a díolacháin de uisce beatha[57].










Saol pearsanta

Dee Devlin an t-ainm atá ag an bhean a bhfuil sé geallta di. Bhí sí lena thaobh ón tús agus chreid sí i gcónaí ann.Thosaigh beirt atá ag dul amach le chéile sa bhliain 2008[58].Chaith sí a cuid ama ag tabhairt leis chuig an seomra aclaíochta é agus ag cabhrú leis a chuid aislingí a chur i gcrích. D'fhógair siad í Lúnasa 2020 go bhfuil siad geallta. Tá beirt pháistí acu. Bhí sé ar an 6ú Bealtaine, 2017 a rugadh a mhic Conor Jack McGregor. Cáiliúil ón nóiméad a chuaigh sé isteach sa domhan ar irisí nuachta,tabloids agus ar an t-idirlíon [43]. Rugadh Croia a chéad iníon sa bhliain 2019 agus anois (2020) tá na beirt ag súil lena dtríú leanbh [59].


Is Caitliceach é Conor McGregor.


Tá beirt deiriúracha ag Conor McGregor, Erin McGregor agus Aoife McGregor. Tá na tuismitheoirí céanna ag an triúr, Tony McGreor agus Margaret McGregor.


Tá tacaíocht ag Conor do chlub peile aontaithe Mhanchester ó bhí sé óg. Léirigh sé grá don Cheilteach F.C. Chuir sé tacaíocht in iúl freisin do Paris Saint-Germain mar chara le Sergio Ramos.






Tagairtí