Bhí siopa crua-earraí ag a thuismitheoirí. Portaingéalach, a rugadh in Bordeaux na Fraince, ab ea a athair agus Giúdach ab ea a mháthair. Dhiúltaigh an tsionagóg áitiúil a bpósadh a aithint ar feadh seacht mbliana mar ba chleamhnaithe de nia agus d'aintín iad. Bhí ar a gcuid páistí, Camille san áireamh, freastal ar scoil do pháistí gorma (níos déanaí, nuair a d'éag athair Pissarro, d'fhág sé a hacmhainn le huacht do dhá phobal ar an oileán: leath don phobal Giúdach agus leath don phobal Protastúnach).
D'imigh Camille Pissaro go dtí an Fhrainc sa bhliain 1842, agus é 12 bhliain d'aois chun dul ar scoil in Passy, in aice le Páras.
Ghlac Pissaro leis na prionsabail ghinearálta a bhain leis an Impriseanachas. Ba iad Claude Monet, Pierre-Auguste Renoir agus Camille Pissaro na healaíontóirí a bhí mar cheartlár na gluaiseachta [2] Ach ag an am céanna d’fhorbair Pissaro a stíl phearsanta féin.
féinphortráid, 1896Úllord agus na crainn faoi bhláth, an tEarrach, Pontoise