Buccinidae

fine de sheilidí móra farraige

Is fine tacsanomaíoch an-mhór agus éagsúil iad na Buccinidae de sheilidí móra mara, ar a dtugtar go minic cuachmaí[1]gúgáin.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBuccinidae Cuir in eagar ar Wikidata

Penion cuvieranus Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeGastropoda
OrdNeogastropoda
FineBuccinidae Cuir in eagar ar Wikidata
Rafinesque, 1815

Áirítear san fhine níos mó ná 1500 speiceas.

Gnáthóg

Faightear na fíor-chuachmaí ar fud an domhain i ngach farraige, ó na haigéin thrópaiceacha go dtí farraigí fuara an Aigéin Artaigh agus an Aigéin Theas.[2] Faightear iad ó na criosanna idirthaoideacha go dtí na limistéir bhatapeiligeacha. Is fearr leis an gcuid is mó bun soladach, ach tá roinnt ina gcónaí i substráití gainmheacha.

Cur síos

Penion ormesi, a bailíodh ó Golden Bay sa Nua-Shéalainn.

Ta sliogáin na speiceas san fhine seo measartha go mór i méid, cónúil go fhearsaidchruthach i gcruth. Is minic go mbíonn uamanna domhain sa bhlaosc. Bíonn dromchla na blaoisce mín go ginearálta, uaireanta le dealbhóireacht bhíseach agus/nó aiseach. Tá tiús na blaoisce níos suntasaí i speicis thrópaiceacha an uisce thanaí, agus is gnách go mbíonn sliogán na speiceas a chónaíonn in uiscí measartha agus níos fuaire tanaí nó measartha tanaí. Is mó nó níos lú gualainn bharr na rothóg. Uaireanta léiríonn easnacha gathacha na blaoisce cnapáin ghualainne. Tá an oscailt mór le canáil shiofónach dea-shainithe. Uaireanta úsáidtear imeall na hoscaile chun sliogán na ndébhlaosch a oscailt. Druidtear an oscailt ag chlúidín (Laidin:operculum) adharcach.

Tá an corp bog fadaithe agus bíseach. Tá dhá bhraiteog chónúil, brúite síos ag an cloigeann a iompraíonn na súile ar mhaothán nó starraic ag a mbun. Sa bhéal, tá próboscas fada, sorcóireach, fáinneach agus teanga bheag. Cruthaíonn an maintlín liopa tanaí os cionn an chuais bhrainciaigh. Ar thaobh na láimhe clé, tá canáil fhada oscailte aige, a thagann chun cinn le eang nó eitre sa bhlaosc. Tá an dá gheolbhach fadaithe, éagothrom agus i socrú cosúil le cíor. De ghnáth, bíonn an chos mhór leathan.[3]

Is feoiliteoirí agus scroblachóirí iad na fíor-chuachmaí. Itheann siad ar bhreallaigh, scroblálann siad splíonach, agus uaireanta fiú ar dhríodar. Tá boladh an-fhorbartha acu; is féidir leo comharthaí ceimiceacha a bhrath óna gcreach ó achar fada lena n-osphradia. Is féidir le go leor cuachmaí tolladh trí bhlaoscanna na ndébhlaoscach, agus mar gheall air seo déanann roinnt speiceas dochar mór i bhfeirmeacha oisrí. Is féidir le fíor-chuachmaí ionsaí a dhéanamh fiú ar iasc a ghabhtar i líontán trína gcuid próboscas a shíneadh go dhá oiread fad a gcorp féin.

Leagann an chuachma bhaineann capsúil uibheacha spúinseach leis na céadta uibheacha. Cruthaíonn siad seo dornáin chruinne nó cairn thúr-chruthacha. Ní thagann ach thart ar 10% larbhaí as na huibheacha seo. Ansin, itheann na larbhaí an chuid eile de na huibheacha nach bhfuil tagtha amach fós.

Is mór ag na saineolaithe feoil na cuachma tuaisceartaí coitinne, Buccinum undatum, mar mhír bia, ach tá laghdú éigin ag teacht ar an méid a iteara faoi láthair.

Is minic a úsáideann an fhaocha gliomaigh sliogán folamh na cuachma chun a bhaile a dhéanamh.

Buccinum undatum Ag lorg páirtí agus ag cúpláil
Cásanna uibheacha Buccinum undatum
Cásanna uibheacha Busycon carica, ó Bhá Delaware

Tacsanomaíocht

Caitheadh leis an fhine Busyconidae ar feadh tamaill mar fhofhine de na Buccinidae ar a dtugtar Busyconinae .

Áiríodh na géinis Antillophos, Engoniophos, Phos, Nassaria, Tomlinia, Anentome agus laistigh den fhine Buccinidae, ach bogadh go Nassariidae iad sa bhliain 2016. [4]

Tá an fhine comhdhéanta de níos mó ná 150 géineas, a bhfuil 31 ina n-iontaisí:

  • Géineas Aeneator Finlay, 1926
  • Géineas Afer Conrad, 1858
  • Géineas Afrocominella Iredale, 1918
  • Géineas Aidemofusus Kosyan & Kantor, 2013
  • Géineas Americominella Klappenbach & Ureta, 1972
  • Géineas Ancistrolepis Dall, 1895
  • Géineas Anomacme Strebel, 1905
  • Géineas Anomalisipho Dautzenberg & H. Fischer, 1912
  • Géineas Antarctodomus Dell, 1972
  • Géineas Antarctoneptunea Dell, 1972
  • Géineas Antistreptus Dall, 1918
  • Géineas Argeneuthria Pastorino, 2016
  • Géineas † Atkinsonella Finlay, 1930
  • Géineas Aulacofusus Dall, 1918
  • Géineas † Austrocominella Ihering, 1907
  • Géineas Austrofusus Kobelt, 1879
  • Géineas Bathyancistrolepis Habe & Ito, 1968
  • Géineas Bathybuccinum Golikov & Sirenko, 1989
  • Géineas Bathydomus Thiele, 1912
  • Géineas Bayerius Olsson, 1971
  • Géineas † Belophos Cossmann, 1901
  • Géineas Beringius Dall, 1887
  • Géineas † Brachysycon Petuch, 1994
  • Géineas Buccinulum Deshayes, 1830
  • Géineas Buccinum Linnaeus, 1758
  • Géineas Buccipagoda Ponder, 2010
  • Géineas Burnupena Iredale, 1918
  • Géineas Busycoarctum Hollister, 1958
  • Géineas Busycon Röding, 1798
  • Géineas Busycotypus Wenz, 1943
  • Géineas Calagrassor Kantor, Puillandre, Fraussen, Fedosov & Bouchet, 2013
  • Géineas Calliloncha Lus, 1978
  • Géineas Cavineptunea Powell, 1951
  • Géineas Chauvetia Monterosato, 1884
  • Géineas Chickcharnea Petuch, 2002
  • Géineas Chlanidota Martens, 1878
  • Géineas Chlanidotella Thiele, 1929
  • Géineas Chlanificula Powell, 1958
  • Géineas Clinopegma Grant & Gale, 1931
  • Géineas Colus Röding, 1798
  • Géineas Cominella Gray, 1850
  • Géineas † Coptochetus Cossmann, 1889
  • Géineas Corneobuccinum Golikov & Gulbin, 1977
  • Géineas † Cyrtochetus Cossmann, 1901
  • Géineas † Coronafulgur Petuch, 2004
  • Géineas Drepanodontus Harasewych & Kantor, 2004
  • Géineas Eclectofusus Fraussen & Stahlschmidt, 2013
  • Géineas † Egotistica Marwick, 1934
  • Géineas Enigmaticolus Fraussen, 2008
  • Géineas Eosipho Thiele, 1929
  • Géineas † Eosiphonalia Ruth, 1942
  • Géineas † Euryochetus Cossmann, 1896
  • Géineas Euthrenopsis Powell, 1929
  • Géineas Euthria Gray, 1850
  • Géineas Euthriostoma Marche-Marchad & Brébion, 1977
  • Géineas Falsimacme Pastorino, 2016
  • Géineas Falsimohnia Powell, 1951
  • Géineas Falsitromina Dell, 1990
  • Géineas Fascinus Hedley, 1903
  • Géineas Fax Iredale, 1925
  • Géineas Fulguropsis Marks, 1950
  • Géineas Fusinella Thiele, 1917
  • Géineas Fusipagoda Habe & Ito, 1965
  • Géineas Gaillea Kantor, Puillandre, Fraussen, Fedosov & Bouchet, 2013
  • Géineas Germonea Harasewych & Kantor, 2004
  • Géineas Glypteuthria Strebel, 1905
  • Géineas Godfreyena Iredale, 1934
  • Géineas Habevolutopsius Kantor, 1983
  • Géineas Helicofusus Dall, 1916
  • Géineas Iosepha Tenison-Woods, 1879
  • Géineas Janiopsis Rovereto, 1899
  • Géineas Japelion Dall, 1916
  • Géineas Japeuthria Iredale, 1918
  • Géineas Jerrybuccinum Kantor & Pastorino, 2009
  • Géineas Kelletia Bayle, 1884
  • Géineas † Kergipenion Fletcher, 1938
  • Géineas Kryptos Dautzenberg & H. Fischer, 1896
  • Géineas † Laevisycon Petuch, R.F. Myers & Berschauer, 2015
  • Géineas Latisipho Dall, 1916
  • Géineas Lindafulgur Petuch, 2004
  • Géineas Liomesus Stimpson, 1865
  • Géineas Lirabuccinum Vermeij, 1991
  • Géineas Loochooia MacNeil, 1961
  • Géineas Lusitromina Harasewych & Kantor, 2004
  • Géineas Lussivolutopsius Kantor, 1983
  • Géineas † Lyrofusus de Gregorio, 1880
  • Géineas Manaria E. A. Smith, 1906
  • Géineas Meteuthria Thiele, 1912
  • Géineas Micrologus Fraussen & Rosado, 2011
  • Géineas Mohnia Friele, 1879
  • Géineas Muffinbuccinum Harasewych & Kantor, 2004
  • Géineas † Nassicola Finlay, 1924
  • Géineas Neancistrolepis Habe & Sato, 1973
  • Géineas Neobuccinum E. A. Smith, 1879
  • Géineas Neptunea Röding, 1798
  • Géineas Nicema Woodring, 1964
  • Géineas † Odontobasis Meek, 1876
  • Géineas Ornatoconcha Lus, 1987
  • Géineas † Ornopsis Wade, 1916
  • Géineas Ovulatibuccinum Golikov & Sirenko, 1989
  • Géineas † Pangoa Marwick, 1931
  • Géineas Parabuccinum Harasewych, Kantor & Linse, 2000
  • Géineas † Paracominia Powell & Bartrum, 1929
  • Géineas Parancistrolepis Azuma, 1965
  • Géineas Pareuthria Strebel, 1905
  • Géineas Parficulina Powell, 1958
  • Géineas † Parvisipho Cossmann, 1889
  • Géineas Penion P. Fischer, 1884
  • Géineas Phaenomenella Fraussen, 2006
  • Géineas Plicibuccinum Golikov & Gulbin, 1977
  • Géineas Plicifusus Dall, 1902
  • Géineas † Pomahakia Finlay, 1927
  • Géineas Preangeria K. Martin, 1921
  • Géineas Probuccinum Thiele, 1912
  • Géineas Proneptunea Thiele, 1912
  • Géineas Prosipho Thiele, 1912
  • Géineas † Pseudofax Finlay & Marwick, 1937
  • Géineas Pseudoliomesus Habe & Sato, 1973
  • Géineas Pseudoneptunea Kobelt, 1882
  • Géineas Ptychosalpinx Gill, 1867
  • Géineas † Pyruella Petuch, 1982
  • Géineas Pyrulofusus Mörch, 1869
  • Géineas Retifusus Dall, 1916
  • Géineas Retimohnia McLean, 1995
  • Géineas Savatieria Rochebrune & Mabille, 1885
  • Géineas † Searlesia Harmer, 1914
  • Géineas Serratifusus Darragh, 1969
  • Géineas Sinistrofulgur Hollister, 1958
  • Géineas Siphonalia A. Adams, 1863
  • Géineas Spikebuccinum Harasewych & Kantor, 2004
  • Géineas † Spinifulgur Petuch, 1994
  • Géineas Strebela Kantor & Harasewych, 2013
  • Géineas † Suessionia Cossmann, 1889
  • Géineas Sulcosinus Dall, 1895
  • Géineas † Sycofulgur Marks, 1950
  • Géineas † Sycopsis Conrad, 1867
  • Géineas Tacita Lus, 1971
  • Géineas Tasmeuthria Iredale, 1925
  • Géineas Thalassoplanes Dall, 1908
  • Géineas Thermosipho Kantor, Puillandre, Fraussen, Fedosov & Bouchet, 2013
  • Géineas Thysanobuccinum Golikov & Gulbin in Golikov, 1980
  • Géineas † Tortisipho Cossmann, 1889
  • Géineas Troschelia Mörch, 1876
  • Géineas Truncaria A. Adams & Reeve, 1850
  • Géineas † Turrifulgur Petuch, 1988
  • Géineas Turrisipho Dautzenberg & H. Fischer, 1912
  • Géineas Turrivolutopsius Tiba & Kosuge, 1979
  • Géineas Volutharpa P. Fischer, 1856
  • Géineas Volutopsion Habe & Ito, 1965
  • Géineas Volutopsius Mörch, 1857
  • Géineas † Wrigleya Glibert, 1963
  • Géineas † Zelandiella Finlay, 1926

Léamh breise

  • Hayashi S. (2005). "The molecular phylogeny of the Buccinidae (Caenogastropoda: Neogastropoda) as inferred from the complete mitochondrial 16S rRNA gene sequences of selected representatives". Molluscan Research 25(2): 85-98. abstract PDF
  • The Seashells of New South Wales : Buccinidae
  • Powell A. W. B., New Zealand Mollusca, William Collins Publishers Ltd, Auckland, New Zealand 1979 ISBN 0-00-216906-1
  • Glen Pownall, New Zealand Shells and Shellfish, Seven Seas Publishing Pty Ltd, Wellington, New Zealand 1979 ISBN 0-85467-054-8
  • Checklist of Mollusca
  • OBIS[nasc briste go buan]
  • Obis Indo-Pacific Molluscan Database : Buccinidae
  • Worldwide Malacological Catalog : Buccinidae[nasc briste go buan]
  • Bouchet Ph. & Waren A. (1985). "Mollusca Gastropoda : Taxonomical notes on tropical deep water Buccinidae with descriptions of new taxa". Mém. Mus. Natl. Hist. Nat. Sér. A 133: 457–518. 

Tagairtí

: