Rinne sé taighde bunúsach ar sheoladh comharthaí leictreacha ar feadh néaróg, agus saghas is feidhmiú na néaratharchuradóirí ag teirminéil néaróg.
Scríobh sé dhá leabhar cháiliúla, Electrical Excitation of Nerve (Spreagadh Leictreach Néaróg, 1939) agus The Release of Neural Transmitter Substances (Fuascailt Néaratharchuradóirí, 1969). Le Ulf von Euler is Julius Axelrod, bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1970 as a thaighde.[1]