Benjamin Harrison
Uachtarán na Stát Aontaithe ó 1889 go 1893
B'é Benjamin Harrison IV (20 Lúnasa, 1833 – 13 Márta, 1901) 23ú uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí sé i bhfeidhmeannas ó 4 Márta, 1889 - 3 Márta, 1893.
Luathsaol
B'é William Henry Harrison a sheanathair, 9ú uachtarán na Stát Aontaithe Mheiriceá.
Rugadh Benjamin Harrison i North Bend, Ohio ag John Scott Harrison (níos déanaí feisire ó Ohio sa Chomhdháil na Stát Aontaithe) agus Elizabeth Ramsey Irwin.
D’fhreastail Harrison ar Ollscoil Miami (Oxford, Ohio). Bhí sé ina bhall de Phi Delta Theta, bráithreachas san ollscoil. Bhain sé céim amach i 1852.
Thosaigh Harrison ag obair mar dlíodóir i Cincinnati, Ohio, agus d'aistrigh sé go dtí Indianapolis i 1854.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d3/Yale_Publishing_Co%2C_The_Whole_Story_in_a_Nutshell%21_1888_Cornell_CUL_PJM_1096_01.jpg/199px-Yale_Publishing_Co%2C_The_Whole_Story_in_a_Nutshell%21_1888_Cornell_CUL_PJM_1096_01.jpg)
Polaitíocht
- Brú ar mhaithe le caomhnaitheacht. Thacaigh Harrison, agus an Comhdháil na Stát Aontaithe ag an am, srianadh trádála. Feisire sa Chomhdháil, agus cosantaí, ba ea William McKinley. Thóg sé taraif custam isteach sa bhliain 1890[1].
- Reachtaíocht in aghaidh trustaí. Shínigh Harrison an dlí Sherman in aghaidh trustaí ar an 2 Iúil, 1890.
- Impiriúlachas. Tháinig Hawaii faoi thionchar na Stáit Aontaithe.
Níor atoghadh Harrison ina uachtarán sa bhliain 1892.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/aa/Benjamin_Harrison_%22Republican_Candidate%22_Portrait_Ribbon_%284360137436%29.jpg/188px-Benjamin_Harrison_%22Republican_Candidate%22_Portrait_Ribbon_%284360137436%29.jpg)
Tagairtí
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachSpeisialta:RecentChangesSpeisialta:SearchStáit Aontaithe MheiriceáAn Dara Cogadh DomhandaVicipéid:Séanadh ginearáltaAirgeadraVicipéid:Cúrsaí reathaSouth Park: Bigger, Longer & UncutRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:Lárionad comhphobailAn VicipéidÉire (Poblacht na hÉireann)UEFA Euro 2024Vicipéid:CabhairCairistìona NicFhearghaisAn GhaeilgeVicipéid:Halla baileGerard ter BorchÍomhá:Application-certificate.svgLíomhánAlonso Pérez de Guzmán, 7ú Diúc Medina SidoniaLá BloomAn tAontas EorpachDaoine gealaVicipéid:RéamhráAn LibiaMediaWiki800COVID-19Stáisiún an Láir Béal FeirsteThe Reluctant Dragon (scannán)Saoradh na ngiall i Nuseirat agus damáiste comhthaobhach, 2024Baile Átha CliathIarnród Thuaisceart ÉireannShah Rukh KhanEdelweiss