Bóthar Chorr Liath
Is conair Iarannaoise suite i gContae an Longfoirt é Bóthar Chorr Liath. Tógadh an bóthar Iarannaoise seo in 148 RCh. Bóthar na Lochlannach a thugtar air go háitiúil, agus is é an ceann is mó dá shórt é a nochtadh san Eoraip.
Bóthar Chorr Liath | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Suíomh seandálaíochta | |||
| ||||
D’fhéadfadh sé gur bóthar searmanach a bhí ann, a cheangail Cnoc Uisnigh, lárionad deasghnách na hÉireann, agus suíomh ríoga Ráth Cruachan.
Is as cláir throma dharach a rinneadh an chonair, agus slogadh síos sa phortach iad tar éis tamall gearr. Dá bharr sin, níorbh fhéidir í a úsáid, ar ndóigh, ach mar thoradh air sin freisin, d’fhan an chonair sa phortach agus í caomhnaithe go hiomlán ar feadh dhá mhíle bliain ina dhiaidh sin.
Taobh istigh den ionad léirithe, tá stráice den déanmhas ársa adhmaid, atá 18 méadar ar fad, ar taispeáint go buan i halla a dearadh go speisialta chun é a chaomhnú.[1]