Bóramha

I nÉirinn na meánaois, cáin ab ea an Bóramha (Meán-Ghaeilge Bórama, Bóruma, Bóraime), ar ghá do chuige Laighean a íoc do mhuintir Uí Néill. Tá scéal ann den teideal Bórama atá mar chuid de Scéalaíocht na Ríthe, le meascán phróis agus filíochta. Is amhlaidh gur scríobhadh é sa 10ú/11ú haois. Caomhnaítear é in dhá leagan sa Leabhar Laighneach agus sa Leabhar Buí Leacáin.

Sanasaíocht

Is é de bhrí le Bóraime[1]bó-ríme, bó-ríomhe, is é sin, áireamh na mbó.

Is logainm a áit dúchais é leasainm an Ardrí, Brian Bóramha, is é sin, Béal Bórú, Contae an Chláir.[2][3]

Achoimre

Sa chéad aois, d'éiligh rí de mhuintir Uí Néill Túathal Techtmar ar ríthe na Laighean éiric (nó lóg n-enech) darbh ainm Bóramha. Thug sé mar chosaint na cánach ná dúnmharú a bheirte iníonacha. Ba chúis achrainn fhuilteach i gcónaí é ámh, méid na cánach.

Ba phríomhphearsa san achrann seo thar na glúnta ab ea Brian Bóramha na Mumhan (ainmnithe as áit a bhreithe, féach Sanasaíocht thuas). Chuaigh sé i gceann na hArd-Ríogachta agus throid sé in éadan mhuintir Uí Néill sa Chath Chluain Tarbh, cé gur maraíodh é tar éis an chatha.

De réir seanscéil níos deireanaí, chuir Naomh Moling Luachra críoch leis an gcánaigh le cleas éalaithe sa 7ú haois. Faightear ann meascán de sheanscéal agus stair, agus caomhnaítear leaganacha éagsúla agus neamhchruinn faoi achar na Bóirmhe.

Foinsí

  • Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.

Tagairtí